Cosán nascleanúna

Déan nasc leis an Eoraip – ar Lá na hEorpa - 04/05/2012

Is ceiliúradh é Lá na hEorpa ar an méid atá bainte amach ag an AE, go mór mór an tsíocháin bhuan, comhar eacnamaíoch agus taisteal gan teorainneacha. Is deis atá ann freisin tuilleadh eolais a chur ar an AE trí imeachtaí agus ócáidí den uile chineál.

An 9 Bealtaine 1950, d'iarr aire gnóthaí eachtracha na Fraince, Robert Schuman, ar an nGearmáin agus ar thíortha eile san Eoraip a n-acmhainní guail agus cruach a thabhairt le chéile.

Ba é sin an chéad iarracht a rinneadh i dtreo bhunú Aontas Eorpach an lae inniu – 27 dtír atá aontaithe trína meas ar shaoirse agus ar riail an dlí agus aitheantas agus luach á thabhairt acu ar éagsúlacht shaoránaigh an AE. Is ar Lá na hEorpa a dhéantar comóradh ar Dhearbhú Schuman.

Lá oscailte ag ceanncheathrú an AE

Dé Sathairn, 12 Bealtaine, tabharfaidh institiúidí an AE aitheantas don chomóradh agus osclófar a ndoirse don phobal.

Beidh imeachtaí ar siúl fud fad na hEorpa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó oifigí an Choimisiúin i ngach tír.

Sa Bhruiséil féin, is féidir cuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh is cáiliúla san AE, an Berlaymont (áit a mbíonn na Coimisinéirí) nó ar an seomra i gComhairle an AE ina dtagann ceannairí agus airí an AE le chéile dá gcruinnithe mullaigh.

Lig do scíth i seomra díospóireachta Pharlaimint na hEorpa, áit a ndéanann na Feisirí mórphlé ar mhórcheisteanna an lae. Caith súil ar roinnt de na fóraim thábhachtacha eile san Eoraip, na háiteanna a mbíonn ionadaithe réigiúin uile na hEorpa (Coiste na Réigiún) agus a ngrúpaí sainleasa éagsúla (an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).

Beidh éagsúlacht mhór d'imeachtaí oideachsúla spraíúla DeutschEnglishfrançaisNederlands ar siúl i ngach ionad - do pháistí agus do dhaoine fásta araon. Orthu sin beidh ceol beo, taispeántais chultúrtha, míniú ar an tslí a dtéann an AE i ngleic leis an gcibearchoireacht, tráth na gceist agus aclaíocht ar dhroichead téide. Glac páirt i rang aclaíochta nó foghlaim le bláth a dhéanamh as páipéar.

An 9-10 Bealtaine, tionólfar comhdháil "Staid an Aontais English " i bhFlórans na hIodáile faoi na dúshláin eacnamaíocha atá os comhair na hEorpa agus faoi chomhtháthú breise. Beidh an chomhdháil le fheiceáil beo ar an idirlíon.

Féile na hEorpa – imeachtaí an lae oscailte, 12 Bealtaine DeutschEnglishfrançaisNederlands

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links