Cosán nascleanúna

An méid a rinne an EU in 2011 - 28/02/2012

Bratacha na hEorpa os comhair fhoirgneamh ceanncheathrún an Choimisiúin Eorpaigh © AE

Tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta ag liostú éachtaí - rialachas geilleagrach níos treise, bearta le cur le fás is poist is guth a thabhairt do na daoine chun dlíthe an AE a dhéanamh.

Chuaigh an AE i ngleic le roinnt dúshlán mór anuraidh, lena n-áirítear díriú ar an ngéarchéim leanúnach geilleagrach agus airgeadais, éirí amach san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear agus caibidlíocht dhomhanda ar athrú na haeráide, ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar fhorbairt a threorú.

I dtuarascáil ghinearálta an AE, 2011 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska déantar achoimre ar ghníomhaíochtaí uile institiúidí an AE le bliain anuas. San alt seo dírítear ar chuid de na gnéithe suntasacha

Le dul i ngleic leis an ngéarchéim, lean an AE dá bheartais gheilleagracha a leasú go bunúsach. Theann sé rialachas geilleagrach English le bearta le beartais a chomhordú ar shlí níos fearr i measc thíortha an AE, faireachán ar bhuiséid phoiblí is smachtbhannaí. I mí na Nollag, ghlac an tAontas Eorpach mórshraith rialacha nua chun faireachán geilleagrach agus fioscach a dhéanamh.

Cruthaíodh comhlachtaí nua ar fud na hEorpa le cuidiú le rialaitheoirí náisiúnta earnáil na seirbhíse airgeadais a mhaoirsiú.

Thacaigh gníomhaíocht an AE le tíortha i limistéar an euro aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim fiachais phoiblí. Tá bearta fadtéarmacha á mbreithniú le tacú le tíortha a bhféadfadh cuidiú a bheith uathu amach anseo.

Plean dírithe um téarnamh geilleagrach

Lean an AE dá phleananna téarnaimh a oiriúnú le go méadófaí cumas iomaíochta gheilleagar an AE. Orthusan áirítear Gníomh an Mhargaidh Aonair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , a shainaithníonn 12 beart tosaíochta le go bhfeidhmeoidh an AE níos fhearr do thomhaltóirí, d'oibrithe is do ghnóthais.

Bhí fuinneamh, athrú na haeráide is comhshaol ar bharr an chláir freisin. D'aontaigh rialtais an AE luas a chur le comhtháthú mhargaí fuinnimh agus bhonneagar an AE agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Glacadh reachtaíocht lenar bunaíoldh Tionscnamh na Saoránach go luath in 2011. Ó mhí Aibreáin 2012 i leith, beidh saoránaigh agus grúpaí eile ag a bhfuil a dóthain tacaíochta in ann iarraidh ar an gCoimisiún dlíthe AE a mholadh ar shaincheisteanna tábhachtacha, rud a thabharfaidh deis dóibh baint dhíreach a bheith acu leis an bpróiseas ceaptha beartais.

Tar éis an éirí amach san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear sheol an AE beartas nua comharsanachta na hEorpa DeutschEnglishfrançais i mí na Bealtaine – bunaithe ar chomhthiomantas a ghaibhniú le daonlathas a chruthú.

I mí na Nollag, shínigh an Chróit conradh ballraíochta agus tá sí le bheith ina 28ú tír san AE an 1 Iúil 2013.

Léigh tuarascáil ghinearálta 2011 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links