Cosán nascleanúna

An Eoraip a athnuachan - 27/12/2011

Ceanncheathrú an Choimisiúin – foirgneamh an Berlaymont – ar a dtaispeántar meirge faoi rialachas geilleagrach © AE

I dtreochlár an Choimisiúin do 2012 dírítear ar fhás geilleagrach, leasú na hearnála airgeadais agus ar ghuth éifeachtach sa domhan mór a thabhairt don AE.

San iomlán, pleanáladh 129 tionscnamh nua Englishdon bhliain seo chugainn, ach cuirfear béim láidir a bhfuil glactha nó ar na bacáin cheana féin a thabhairt ar aghaidh.

Pacáiste tograí le muinín a thabhairt ar ais i ngeilleagar na hEorpa, fara bearta nua le cur i gcoinne na bhfadhbanna geilleagracha reatha, a bheidh ar bharr an chláir.

Leasú ar earnáil an airgeadais

Agus rialacha molta ar dhíorthaí, ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa, ar riachtanais caipitil agus ar thabhairt faoi mhí-úsáid an mhargaidh arna gcur ar chlár cheana féin, díreoidh an Coimisiún in 2012 ar na leasuithe a chríochnú. Fairis sin, foilseofar measúnú tionchair faoi na céimeanna a glacadh.

I mbearta nua díreofar ar mhuinín na n-infheisteoirí. Orthusan áireofar pleananna le deireadh a chur le tearmainn chánach, córas nua-aoiseach CBL a fhorbairt chun calaois a chomhrac agus rómhaorlathas do mhionghnóthais a mhaolú. Chun airgead an gcáiníocóirí a chosaint, cuirfear togra ar aghaidh chun gníomhaíochtaí maoiniúcháin an AE a chosaint ar chalaois.

Fás is cruthú post a chothú

Agus lánpháirtiú geilleagrach níos mó ar na heochracha don fhás is do chruthú post san Eoraip, cuirfear béim ar leith ar an 12 eochair-thogra sa Ghníomh um an Margadh Aonair ón AE, a bhfuil faoi cabhrú le tíortha an AE le dúshláin gheilleagracha is shóisialta na huaire agus luas a chur le téarnamh ón ngéarchéim airgeadais dhomhanda.

Fairis sin, leagfar amach pleananna le cabhrú le lorgairí óga post bogadh ar fud na hEorpa níos éasca, fara leasú ar na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta chun rochtain ar phoist thrasteorann a fheabhsú. Le rialacha nua éascófar pinsin a aistriú agus poist á n-athrú.

An AE ar an stáitse domhanda

Díreofar aire ar chur chuige DeutschEnglishfrançaisnua an AE sa chaidreamh lena chomharsana. Tá faoin mbeartas sin forbairt shíochánta, rathúil a chothú in oirthear na hEorpa is san Afraic Thuaidh.

Na dúshláin a bhí roimh an Afraic Thuaidh i mbliana, d'aibhsigh siad an gá atá le comh-chur chuige faoi thearmann is faoi rialú teorann. Cuirfear staitéis nua ar chlár chun gáinneáil ar dhaoine a chosc, fara pleananna d'fhonn seiceálacha teorann a nuachóiriú.

Thairis sin, scrúdóar comhaontú trádála nua leis an tSeapáin, chomh maith le comhaontú infheistíochta leis an tSín. Leanfar den obair ar mhéadú an AE, ag tosú le hullmhú chun fáilte a chur roimh an gCróit mar 28ú ball an AE.

Clár oibre an Choimisiúin 2012 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links