Cosán nascleanúna

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh José Manuel Barroso ag Parlaimint na hEorpa i Strasbourg © AE

Aontú fhormhór na rialtas AE faoi bhreis lánpháirtithe geillleagraí, ba cheart go dtacófaí leis le bearta chun fás a thabhairt ar ais is chun poist a chruthú, arsa Barroso.

Ag labhairt dó le Parlaimint na hEorpa faoi chinntí 8-9 Nollaig DeutschEnglishfrançaisportuguês na gceannairí AE, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Jose Manuel Barroso gur léir ón gcinneadh a ghlac 26 as 27 rialtas faoi chonradh nua idir-rialtasach a shocróidh rialacha buiséid níos géire go bhfuil siad ullamh le dul ar aghaidh le breis lánpháirithe Eorpaigh.

D'éileodh an conradh ar na rialtais a mbuiséid ghinearálta a choimeád cothrom nó i bhfarasbarr. Iadsan a sháródh easnamh 0.5% an OTI, bheadh orthu cothromaíocht a thabhairt ar ais ina mbuiséid faoi mhaoirsiú an Choimisiúin is thíortha eile an AE.

Táthar ag súil go síneoidh na rialtais an conradh i Márta 2012. Feictear é mar chuid thábhachtach d'fhreagairt an AE ar an ngéarchéim gheilleagrach - agus ar ghéarchéim fiachais limistéar an euro.

Ar an bhfreagairt, áirítear:

  • 6 bheart English chun faireacháin ar an mbuiséad a fheabhsú is le fiachas poiblí a smachtú – bearta atá i bhfeidhm ó 13 Nollaig 2011
  • suirbhé ar fhás 2012 DeutschEnglishfrançais – moltaí ar fhás, ar chruthú post is ar airgeadas poiblí le tús a chur leis an timthriall 6 mhí a bhfaigheann rialtais an AE ionchur a bpiaraí AE lena linn agus a mbeartais buiséid is gheilleagracha á ndréachtadh acu
  • cruthú bhuanchiste fóirithinte an AE a thabhairt ar aghaidh go Iúil 2012 (leanfar den chiste sealadach reatha go lár 2013).

Ní fada go gcinnfidh ceannairí an AE an gcuirfear suas le €200bn ar fáil don CAI le cabhrú le tíortha i limistéar an euro atá ag fulaingt le fiachas.

I Márta 2012 pléifidh siad slite le tacú le comhordú buiséid is scrúdóidh siad togra a cheadódh do limistéar an euro bannaí a chomh-eisiúint.

Fás agus poist

Fairis sin, d'iarr an tUachtarán Barroso gníomhaíocht ghasta ar bhearta breise chun an geilleagar a chobhsú is le poist a chruthú, lena n-áirítear:

  • treochlár an Choimisiúin chuig cobhsaíocht is fás DeutschEnglishfrançais a ghlacadh
  • cur chun feidhme na mbeart atá ann chun lánpháirtiú geilleagrach an AE a dhoimhniú (ar sheirbhísí, fuinneamh, nuáil, an tIdirlíon, agus comhaontuithe saorthrádála)
  • tograí a ghlacadh ar mhiongnóthais, rialú níos fearr, leasuithe cánach agus slándáil fuinnimh.

Breis faoi óráid an Uachtaráin Barroso chuig an bParlaimint – 13 Nollaig DeutschEnglishfrançaisportuguês

Breis faoi chruinniú na Comhairle Eorpaí 8-9 Nollaig DeutschEnglishfrançaisportuguês

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links