Cosán nascleanúna

Ceannairí an AE ag díriú ar athbheochan an gheilleagair - 07/12/2011

Foirgneamh Justus Lipsius, mar a mbíonn a gcruinnithe mullaigh ag ceannairí an AE sa Bhruiséil, an Bheilg © AE

Rialachas geilleagrach níos treise i limistéar an euro a bheidh ar bharr an chláir ag plé na gceannairí an 8-9 Nollaig sa Bhruiséil - fara fuinneamh agus ionchas tíortha nua teacht isteach san AE.

Athbhreithneoidh ceannairí an AE staid fhoriomlán gheilleagrach na hEorpa agus bearta le treisiú le fás is le poist.

Déanfaidh siad tograí a mheas chun faireachán a dhéanamh ar dhréacht-bhuiséid agus le heasnaimh a laghdú English do gach tír i limistéar an euro – le faireachas geillleagrach is buiséid níos géire fós English do thíortha ina bhfuil míchobhsaíocht airgeadais thromchúiseach nó gá le tarrthálacha.

Athrú sa Chonradh

Scrúdóidh na ceannairí an tairbhe ionchasach a bhainfeadh le comhbhannaí limistéar euro, mar shampla, an gcabhróidís chun ísliú nó cobhsú a chur ar na rátaí úis nach mór do thíortha a íoc chun iasachtaí airgid a fháil.

Tá 3 rogha curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún do na nithe seo ar a dtugtar bannaí cobhsaíochta English , fara taifeach ar na himpleachtaí airgeadais is dlí. B'fhéidir go mba ghá leasú ar Chonradh Liospóin an AE – a rialaíonn feidhmiú an Aontais.

Plean fuinnimh

Tá fuinneamh slán, sábháilte, inacmhainne ar bharr an chláir don Chomhairle Eorpach seo.

Déanfaidh na ceannairí bearta tíosachta is coigiltis fuinnimh English a mheas, bearta a d'éileodh ar thíortha an AE tíosacht fuinnimh a fheabhsú ag gach céim – an táirgeadh, an dáileadh is an t-ídiú deiridh.

Chuirfeadh sé sin tairbhe shuntasach airgeadais, gheilleagrach is fostaíochta ar fáil – is chabhródh sé le tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a laghdú.

Fairis sin, tá margadh aonair fuinnimh faoi 2014 iarrtha ag ceannairí an AE, rud a d'éascódh ceannach is díol an fhuinnimh thar teorainn. Is iomaíche a bheadh margadh oscailte ina mbeadh bonneagar lánpháirtithe, cliste.

Baill nua san AE

Ar an gclár freisin tá tíortha nua a scaoileadh isteach san AE, rud a chuirfeadh le leasanna straitéiseacha is slándála an Aonais, agus lena rath. Mhol an Coimisiún go dtosófaí caibidlíocht le Montainéagró. Fairis sin, mhol sé go mbronnfaí stádas iarrthóra AE – an chéad chéim sa phróiseas – ar an tSeirbia.

Idir an dá linn, tá an Chróit българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska anois sna céimeanna deiridh chun bheith ar an 28ú ballstát san AE. Chríochnaigh an AE an chaibidlíocht i Meitheamh, rud a réitigh an ród chun an conradh aontachais a shíniú an 9 Nollaig.

Beidh reifreann sa Chróit chun a chinneadh an rachaidh an tír isteach san AE an 1 Iúil 2013.

Próiseas an mhéadaithe - spreagadh dearfach don Eoraip

Clár – cruinniú na Comhairle Eorpaí 8-9 Nollaig

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links