Cosán nascleanúna

Tosaíocht is ea an téarnamh geilleagrach - 02/09/2011

Rialachas geilleagrach níos fearr, cabhair nua don Ghréig agus leasú ar earnáil na mbanc atá ar na bearta is gá a chur chun feidhme ar son an téarnaimh gheilleagraigh agus poist a chruthú.

Tá Uachtarán an Choimisiún, José Manuel Barroso, tar éis a iarraidh ar cheannairí an AE gníomhú go gasta ar bhearta chun téarnamh geilleagrach a spreagadh agus caiteachas poiblí a smachtú. Fairis sin, leag sé béim ar an ngá le clár nua cabhrach don Ghréig agus le breis leasuithe ar earnáil na mbanc.

Sna bearta dírítear ar:

  • rialachas geilleagrachníos fearr - aontú ar phacáiste moltaí English , thabharfadh sé faireachán feabhsaithe ar bheartais fhioscacha, chabhródh sé chun fiachas poiblí a smachtú agus d'fheabhsódh sé an inbhuanaitheacht fhioscach.
  • ciste an euro a neartú le cabhrú le tíortha atá i bponc airgeadais - ba cheart go ndéanfadh na rialtais athleanúint ar chomhaontú an 21 Iúil English agus na dlíthe is gá a rith, ionas go mbeidh an ciste ina shás buan le plé le géarchéimeanna airgeadais.
  • An Ghréig - tá obair ag dul ar aghaidh ar chlár nua cabhrach a mbeidh baint ag an earnáil phríobháideach leis. Cruthaíodh tascfhórsa in Iúil is tá sé ag scrúdú slite chun infheistiú sa tír a neartú trí chistí réigiúnacha an AE
  • earnáil na mbanc san AE a neartú - i measc na moltaí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska tá maoirseacht ar uirlisí airgeadais amhail díorthaigh a fheabhsú, rialacha ar thrádáil chos istigh agus ar mhí-ionramháil margaí a theannadh, agus creat le plé le bainc a bhfuil ag teip orthu.

Dúirt an tUachtarán Barroso gur ghníomhaigh an Eoraip go cinntitheach chun a cuid banc a athchaipitliú. Tá tíortha ag gníomhú le tabhairt ar bhainc bhreoite a gcuid airgeadais a neartú tar éis thástálacha struis English Iúil.

Gníomhú domhanda

Molfaidh an AE cáin Eorpach ar idirbhearta airgeadais ag cruinniú mullaigh an G20 i gCannes an 3 agus 4 Samhain. Chabhródh an cháin chun buiséad beartaithe an AE do 2014-2020 DeutschEnglishfrançais a mhaoiniú, buiséad atá dírithe ar infheistíocht is ar phoist.

Dúirt an tUachtarán Barroso go leanfaidh an AE ina ról lárnach chun cabhair dhaonnúil Englishfrançais riachtanach a thabhairt don Libia agus tacú le trasdul na tíre sin chun an daonlathais.

Breis faoi aitheasc an Uachtaráin Barroso DeutschEnglishfrançaisportuguês

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links