Cosán nascleanúna

An Pholainn i gceannas ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh - 04/07/2011

Lógó: sé shaighead ingearacha ag díriú suas, bratach na Polainne, "PL2011.eu" © Rialtas na Polainne

Don dara leath de 2011, is ar fhás geilleagrach, ar Eoraip níos sláine, is ar chaidreamh níos dlúithe le comharsana an AE thoir is theas a dhíreofar.

Tosaíonn an tír a huachtaránacht agus imní ann faoi théarnamh geilleagrach anacair, géarchéim fiachais na Gréige is míchobhsaíocht pholaitiúil i dtuaisceart na hAfraice.

Fás geilleagrach

Ar thosaíochtaí na Polainne English sna sé mhí romhainn, tá comhar níos dlúithe idir thíortha an AE chun treisiú le téarnamh geilleagrach agus poist a chruthú.

Tacaíonn an tír le tograí ar ghníomh um an margadh aonair българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska , a éascóidh gnó agus dul chun cónaithe ar fud na hEorpa. Folaíonn siad sin seirbhísí digiteacha trasteorann agus tráchtáil ar líne a fhorbairt.

Tá tábhacht le hairgeadas poiblí cobhsaí freisin. Déanfaidh an Pholainn faireachán ar thíortha an AE agus na buiséid á dtabhairt faoi réir na spriocanna acu a d'aontaigh siad i gcéad leath na bliana seo.

Le linn na huachtaránachta, tosóidh tíortha an AE ar chaibidlíocht faoi thograí bhuiséid an AE 2014-2020 DeutschEnglishfrançais . Iarrann an Pholainn ar na ceannairí cistí an AE a dhíriú ar fhás a chothú, amhail infheistiú in oiliúint eochairscileanna is bonneagair.

Tá moltaí ar an gclár freisin chun na margaí airgeadais a rialáil níos fearr, chun géarchéim eile a sheachaint.

Bia, fuinneamh agus slándáil

Ar na tosaíochtaí eile tá obair ar chomh-chur chuige ar sholáthar bia is fuinnimh, ar shlándáil is ar chosaint.

Sa leasú atá ar siúl ar an gcomhbheartas talmhaíochta, ba cheart díriú ar thairiseacht bia a chinntiú, ar thalmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus ar cheantair tuaithe a fhorbairt.

Thairis sin, oibreoidh an Pholainn ar chomh-straitéis fuinnimh English a neartóidh cumas an AE chun soláthair níos saoire is níos iontaofa a fháil ar an margadh idirnáisiúnta.

Teastaíonn comhar níos dlúithe idir bheartais slándála agus cosanta uaithi, d'fhonn comhordú feabhsaithe a fháil i réimsí amhail rialáil teorann agus le freagairt ar shlí níos éifeachtaí ar ghéarchéimeanna is ar éigeandálaí.

Cur chuige idirnáisiúnta

Lorgóidh an uachtaránacht caidreamh AE níos dlúithe le tíortha oirthear na hEorpa - an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, an Úcráin agus an Bhealarúis. Tá súil ag an bPolainn cainteanna faoi chomhaontuithe comhlachais a chur ar aghaidh, le bacanna trádála a dhíchur is víosaí a léirscaoileadh.

Tacaíonn an Pholainn le méadú an AE, go háirithe le céimeanna deiridh na Cróite chun ballraíochta, agus leis na cainteanna atá ar siúl leis an Tuirc is leis an Íoslainn.

Mar chuid den chlár, tá comh-chur chuige chun tíortha thuaisceart na hAfraice a mhisniú le hathrú go daonlathas.

Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an AE DeutschEnglishfrançaispolski

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links