Cosán nascleanúna

Ar ais ar scoil! - 17/01/2011

Seomra ranga folamh is clár dubh ann © AE

Státseirbhísigh Eorpacha ag dul ar ais ar scoil chun labhairt le daoine óga faoina ndéanann an AE.

Clár is ea "Ar ais ar Scoil" a chuireann státseirbhísigh AE ar ais ar scoil ar feadh lae - más féidir sin, chuig an scoil ina mbídís féin mar mhic léinn.

Rialtas na Gearmáine a chuir tús leis an tionscnamh in 2007 chun a tréimhse uachtaránachta a cheiliúradh agus thacaigh an Coimisiún leis freisin. Lean uachtaránachtaí eile na Comhairle leis. I mbliana, is é seal na hUngáire is na Polainne é. Toisc gur éirigh chomh maith leis an tionscnamh, tá tíortha eile AE ag glacadh páirte ann agus fáilteoidh siad roimh státseirbhísigh ar ais chuig a seanscoileanna. Scoileanna ná fuil státseirbhísigh AE mar iar-mhic léinn acu, tá fáilte rompu páirt a ghlacadh ann freisin.

Bíonn státseirbhísigh ó gach leibhéal páirteach agus is ambasadóirí AE ar feadh lae iad. San earrach 2010, thug an Coimisinéir um Chúnamh Daonnúil, Kristalina Georgieva, cuairt ar mheánscoil in Elena na Bulgáire. Na mic léinn a bhuail léi, ag aois 13 go 17, is iomaí ceist a chuir siad, go háirithe faoina meas ar "an Eoraip". D'éist sí lena raibh le rá acu agus cheistigh iad faoina dtuiscint féin ar Eorpachas.

Cuireann "Ar ais ar Scoil an AE" aghaidh ar an Eoraip do dhaoine óga agus tugann sé na forais AE níos neasa dóibh. Tugann an tionscadal deis annamh do mhic léinn a gceisteanna faoin AE a chur agus rud éigin a fhoghlaim ó thaithí daoine atá ag obair go laethúil chun an Eoraip a imeascadh go fírinneach. Tugann sé tuiscint níos fearr faoi obair an AE dóibh, agus faoi bheartais Eorpacha agus tarraingíonn sé a n-aird ar chláir oideachais ina bhféadfaidís féin páirt a ghlacadh amhail Leonardo Da Vinci DeutschEnglishfrançais agus Erasmus DeutschEnglishfrançais .

Le fionnadh an bhfuil do thírse ag glacadh páirte, déan teagmháil le hIonadaíocht áitiúil an Choimisiúin agat.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links