Cosán nascleanúna

An Ungáir i gceannas ar Chomhairle an AE - 03/01/2011

Búdapeist: foirgneamh Pharlaimint na hUngáire ar bhruach na Danóibe © AE

Tháinig an Ungáir i gcomharbacht na Beilge mar cheann ar Chomhairle an AE an 1 Eanáir 2011.

Tír a tháinig isteach san Aontas Eorpach in 2004, seo an chéad uair don Ungáir bheith ina huachtarán ar Chomhairle an AE. Cobhsú gheilleagar na hEorpa, méadú an Aontais, fuinneamh agus imeascadh na Romach, sin cuid dá tosaíochtaí.

Tá uachtaránacht na hUngáire ag tosú agus an téarnamh geilleagrach fós míchothrom san Aontas agus ag am gur gá slí amach ón ngéarchéim a dhaingniú. De dheasca dheacrachtaí an limistéir euro, d'aontaigh na Ballstáit ar athbhreithniú ar Chonradh Liospóin , chun buaine a thabhairt don sás cobhsaíochta English a bunaíodh mar chúnamh don Ghréig is d'Éirinn. Ar thosaíochtaí na huachtaránachta nua beidh cur chun cinn na caibidlíochta faoin ábhar sin.

Tá fúithi freisin dul chun cinn i gcomhordú na mbeartas geilleagrach idir na Ballstáit. Chun na crích sin seolfaidh sí an "Seimeastar Eorpach", tréimhse nuair a athbhreithneofar dréachbhuiséid na dtíortha uile chun aon éagothroimí a aimsiú.

Sa réimse sóisialta, oibreoidh an Ungáir chun straitéis Eorpach faoi imeascadh na Romach a chur le chéile. Dá n-úsáidfí maoiniú Eorpach níos éifeachtaí, d'fheabhsófaí coinníollacha beatha an phobail sin.

Ar cheann de phríomhócáidí na huachtaránachta seo, beidh cruinniú mullaigh faoin bhfuinneamh, a mbeidh faoi idircheangal na líonraí leictreacha is gáis idir na Ballstáit a chinntiú. Is cuspóir dó spleáchas an Aontais a laghdú, go háirithe maidir le soláthar gáis.

Fairis sin, tá faoin uachtaránacht nua caidreamh an AE a dhoimhniú leis an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Mholdáiv, an Úcráin agus an Bhealarúis. Fáilteoidh sí roimh na tíortha sin i mBealtaine ag cruinniú mullaigh na "comhpháirtíochta thoir".

Faoi dheireadh, tacóidh an Ungáir le méadú an Aontais, go háirithe chun na Cróite. Is iarrthóir ó 2004 í, agus tá sí ag dul isteach sa chéim dheiridh dá caibidlíocht aontachais.

Suíomh gréasáin Uachtaránacht na hUngáire ar Chomhairle an AE Englishfrançaismagyar

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links