Cosán nascleanúna

An AE agus tusa in 2010 - 23/12/2010

Mias páipéir i ndathanna na brataí Eorpaí © Mélanie Heddrich/Patrick Bombaert

Ag tráth mheastacháin dheireadh na blaiana, tá cur síos sa bhróisiúr "An Eoraip agus tusa" ar chuid de thionscnaimh an AE in 2010.

Bhain deacrachtaí na Gréige, agus níos déanaí, na hÉireann croitheadh as limistéar an euro agus as geilleagar na hEorpa. D'fhreagair an AE le cúnamh tapa airgeadais do na tíortha sin, rud a choimeád inchreidteacht an airgeadra aonair is a d'athbhunaigh muinín na margaí. Thairis sin, chruthaigh sé sás nuálaíoch English thart ar 500 billiún euro chun a chobhsaíocht airgeadais a chinntiú agus bhunaigh sé institiúidí faireacháin DeutschEnglishfrançais do na margaí airgeadais.

I bhfianaise na géarchéime, d'oibrigh an AE freisin ar son na fostaíochta: shlóg sé 100 milliún euro chun micri-chreidmheasanna (iasachtaí faoi bhun 25 000 euro) a mhaoiniú don lucht dífhostaithe ar mhaith leo a ngnóthas féin a bhunú.

San earrach, an lucht taistil a bhí sáinnithe in aerfoirt de dheasca luaithreach na mbolcán, fuair siad cúiteamh is cúnamh a bhuí leis an reachtaíocht Eorpach faoi aerphaisinéirí a chosaint. Ón mbliain seo amach, tá comhchearta ag lucht taistil ar thraein nó i mbád. Mar sin, beidh ticéad traenach in-aisíochta suas le 50% feasta i gcás moille.

Maidir le bunchearta, le reachtaíocht nua Eorpach ceadaítear seirbhísí aistriúcháin is ateangaireachta saor in aisce do shaoránaigh atá i nós imeachta breithiúnach i dtír eile.

Níor dhein an AE dearmad ar na tomhaltóirí. Léiriú ar a ghníomhaíocht i saol laethúil na nEorpach is ea na bearta a glacadh ar son athchúrsáil na ngaireas leictreach is leictreonach nó chun comhshamhail luchtaire d'fhóin phóca a fhorbairt.

Mar bhuille scoir, maidir le gnóthaí eachtracha , d'athdhearbhaigh an tAontas in 2010 a ról mar an gcéad deontóir domhanda, ag tacú leis an iliomad tíortha ar bhuail tubaistí nádúrtha nó éiceolaíochta iad. Mar sin, bhí ról lárnach aige sa chunámh idirnáisiúnta a tugadh do Háítí Englishfrançais díreach tar éis an chreatha talún.

Bróisiúr "An AE agus tusa in 2010" българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links