Cosán nascleanúna

Fás do phoist ar bharr chlár leasuithe Barroso don AE - 07/09/2010

Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso © AE

Leag Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso amach a phleananna straitéiseacha don AE sa bhliain atá romhainn ina óráid faoi Staid an Aontais os comhair Pharlaimint na hEorpa.

"Tá mar theachtaireacht agam do gach Eorpach gur féidir leat muinín a bheith agat as an Aontas Eorpach go ndéanfaidh sé a bhfuil ag teastáil chun do thodhchaí a chinntiú," ar seisean.

Is fearr ionchas geilleagrach an AE anois ná bliain ó shin is tá sé ag feabhsú leis, a dúirt an tUachtarán Barroso leis an bParlaimint. Beidh an fás níos airde ná mar a tuaradh. Ní raibh aon ardú eile ar an dífhostaíocht.

"Ach níl deireadh lenár saothar," ar seisean. "Ní mór dúinn luas a chur lenár gclár leasuithe."

Sna 12 mhí romhainn tá faoin gCoimisiún reachtaíocht nua a thabhairt isteach faoi rialachas geilleagrach feabhsaithe san AE, scileanna post, aghaidh a thabhairt ar bhochtanas is ar eisiamh, rómhaorlathas a laghdú do mhionghnóthais agus bacainní trádálá ar mhargadh aonair an AE a dhíchur.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links