Cosán nascleanúna

Doirse ar oscailt don Eoraip! - 06/05/2010

Deis do gach Eorpach is ea Lá na hEorpa chun eolas a chur trí imeachtaí fleácha ar a bhfuil ar siúl ag an Aontas.

An 9 Bealtaine 1950, tugann Robert Schuman, aire gnóthaí eachtracha na Fraince, an preas le chéile do theachtaireacht ríthábhachtach. D'éis an Dara Cogadh Domhanda, iarrann sé ar an bhFrainc, ar an nGearmáin is ar na tíortha Eorpacha eile a dtáirgeadh carbóin agus cruach a aontú. Sa tslí sin bhí faoi síocháin bhuan a bhunú ar chríocha na hEorpa agus an chéad chéim i dtreo aontú na hEorpa a thógáil. Inniu féachtar ar an dearbhú sin mar theastas breithe an Aontais Eorpaigh agus ceiliúrtar Lá na hEorpa an 9 Bealtaine ó 1985 i leith.

Agus tráth comórtha 60 bliain na hócáide sin buailte linn, tá na hinstitiúidí Eorpacha á ceiliúradh leis an iliomad gníomhaíochtaí: ceolchoirmeacha, seónna damhsa, olltráthanna na gceist, seastáin eolais...

Sa Bhruiséil, lár an cheiliúrtha sa Bheilg, osclóidh foirgnimh na n-institiúidí a ndoirse don phobal an 8 Bealtaine. Sin deis chun cuairt a thabhairt ar an Berlaymont, lárionad an Choimisiúin, leathchiorcal na Parlaiminte agus mórsheomra na Comhairle, mar a dtagann ceannairí agus airí na hEorpa le chéile.

Déanfaidh na páistí is óige eitleoga le dathanna na hEorpa sa Pharlaimint agus taiscéalfaidh siad an bhithéagsúlacht sa Choiste Eacnamaíocht agus Sóisialta. Fairis sin, eagróidh an Coimisiún cluichí chun a bhfeasacht faoi leas na n-ainmhithe a ardú.

Beidh comhdhálacha ar siúl ar fud na háite, mar shampla i gCoiste na Réigiún faoi chultúr na hEorpa. Pléifidh feisirí ceisteanna tábhachtacha leis an bpobal sa Pharlaimint. Beidh deis ag cuairteoirí páirt a ghlacadh i seisiún samhlaithe den Chomhairle: an éireoidh leo tionscnamh Eorpach do charr "glas" a ullmhú?

Mar fhocal scoir, beidh seans ag an bpobal an 9 Bealtaine eolas a chur ar shaibhreas cultúrtha na scannán Eorpach, a bhuí leis an bhféile EuroCine. Don seachtú féile, léireofar 27 scannán ó 27 tír an Aontais i gcúig phríomhchathair Eorpacha.

 

Féile na hEorpa sa Bhruiséil DeutschEnglishfrançaisNederlands

Gníomhaíochtaí an 9 Bealtaine san Eoraip

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links