Cosán nascleanúna

Cleachtas nua sa daonlathas - 31/03/2010

Leabhair ar a bhfuil sínithe ar Chonradh Liospóin © EU

Ní fada go mbeidh modh nua ag Eorpaigh an AE a chur ag gníomhú faoi cheisteanna is ní dóibh. Ach conas a oibreoidh 'tionscnamh na saoránach' go praiticiúil?

Arna thabhairt isteach ag Conradh Liospóin, tá faoi thionscnamh Eorpach na saoránach DeutschEnglishfrançais an AE a dhéanamh níos daonlathaí trí thionchar níos dírí a thabhairt do na saoránaigh ar a chuid beartas.

D'éis don Chonradh teacht i bhfeidhm i mí na Nollag, beidh an Coimisiún, a dhréachtaíonn reachtaíocht, faoi oibleagáid fhoirmiúil anois chun moltaí ó shaoránaigh a mheas - chomh luath is a chomhlíonfar coinníollacha áirithe.

"Ba cheart go gcothódh tionscnamh na saoránach plé beoga faoina bhfuil ar siúl againn sa Bhruiséil,” arsa Maroš Šefčovič, an Coimisinéir nua riaracháin agus caidrimh idir-institiúidigh.

Deir an Conradh nach mór go dtacóidh ar a laghad milliún saoránach ó thrian ar a laghad de bhallstáit an AE -- naoi gcinn faoi láthair -- le tionscnamh chun go ndéanfaidh an Coimisiún é a mheas.

Agus an coincheap á mhionsaothrú aige, tá sraith rialacha dréachtaithe ag an gCoimisiún anois a leanfaidh Eorpaigh agus achainíocha á gcur isteach acu. De réir na moltaí, ní mór líon na sínithe ó gach tír a bheith i gcomhréir le daonra na tíre – 4 500 do na ceithre thír is lú agus 72 000 don tír is mó, an Ghearmáin.

Ach 300 000 síniú ar a laghad ó shaoránaigh as íosmhéid trí thír a bheidh bailithe, clárófar an achainí leis an gCoimisiún agus glacfar cinneadh an bhfuil an tionscnamh laistigh dá réimse cumhachtaí. Ón bpointe sin, beidh bliain amháin ag na heagraithe chun fuílleach na sínithe a chur ar fáil.

Má chomhlíonann an tionscnamh na critéir, beidh ceithre mhí ag an gCoimisiún chun é a iniúchadh agus reachtaíocht a cheapadh, staidéar a sheoladh nó cinneadh gan gníomhú. Beidh air a chinneadh a mhíniú go poiblí.

Chun calaois a sheachaint, beidh ar shínitheoirí a seoladh baile, dáta breithe, náisiúnacht agus uimhir aitheantas phearsanta -- uimhir an chárta aitheantais náisiúnta, an phas nó leasa shóisialta -- a thabhairt. Beidh ar na heagraithe a insint cé atá ag maoiniú an tionscnaimh.

Ní mór formheas na Parlaiminte is na Comhairle a fháil do na rialacha atá á moladh, agus ansin is féidir na chéad tionscnaimh a thabhairt ar aghaidh - b'fhéidir chomh luath le 2011.

Tionscnamh Eorpach na saoránach English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links