Cosán nascleanúna

Clár lán do Barroso II - 15/02/2010

Grúpghrianghraf den Choimisiún nua © EU

Nuair a tháinig an chéad fhoireann Barroso in oifig, bhí ag éirí go maith leis an ngeilleagar is bhí an dífhostaíocht ag laghdú. Cúig bliana níos déanaí, agus an cúlú is mó leis na cianta thart, fanann sraith iomlán nua dúshlán le Coimisiún Eorpach 2010-14.

Agus a thosaíochtaí á míniú aige san fhómhar, dúirt an tUachtarán go mbeadh téarnamh geilleagrach, agus poist a fháil do na milliúin daoine a chaill le linn an chúlaithe iad, ar bharr an chláir aige. Fairis sin, gheall sé brú ar son leasuithe airgeadais chun géarchéim eile a sheachaint.

Maidir le cuspóirí fadtéarmacha, tagann deireadh i mbliana le plean 10 mbliana an AE don fhás - straitéis Liospóin - agus tá obair ar siúl ar a chomharba. D'fhoilsigh an tUachtarán páipéar oibre a leagann amach na cuspóirí sula dtabharfar an moladh foirmeálta ar aghaidh i Márta.

An tseachtain seo caite, thug an tUasal Barroso réamhléargas faoin bplean, ar a dtugtar "An Eoraip 2020", do cheannairí an AE. Baineann an straitéis le tacú le tionscail íseal-charbóin, le hinfheistiú sa taighde is san fhorbairt, le geilleagar digiteach a thionscnamh agus le hoideachas is oiliúint a nua-aoisiú.

Beidh i gceist aige an comhargadh a neartú is easnaimh náisiúnta buiséid a athsmachtú, arsa an tUachtarán, agus breis comhair sa bheartas geilleagrach á moladh aige. Tá fiche tír os cionn theorann 3% an AE ar ghannchionanna buiséid anois.

Seo an chéad fheidhmeannas AE faoi Chonradh Liospóin, a bhfuil faoi cinnteoireacht an AE a shruthlíniú agus cur le próifíl an Aontais i ngnóthaí idirnáisiúnta. Mar chosantóir na gconarthaí AE, ní mór don Choimisiún nua a chinntiú go gcuirfear cairt na leasuithe chun feidhme - obair dhian óir baineann na hathruithe le gach institiúid san AE, nach mór.

Ina measc sin, tá an Coimisiún. Sa cheann nua tá ard-ionadaí gnóthaí eachtracha, post a chruthaigh an Conradh. Tá an post sin ag Catherine Ashton, atá ina leas-uachtarán ar an gCoimisiún freisin.

Tá an téamh domhanda, ceist mhór le linn chéad téarma an Uachtaráin, fós ar bharr an chláir, mar a léiríonn cruthú an phoist nua um ghníomhú aeráide. Teastaíonn ón AE go leanfaí le cainteanna idirnáisiúnta don obair nár chríochnaigh comhdháil aeráide Chóvanhávan.

Ní hé an gníomhú aeráide an t-aon phost nua. Don chéad uair tá punanna ná baineann ach le gnóthaí baile, agus ceann a bhaineann le gnóthaí daonnúla. Atheagraíodh cuid mhaith post eile.

Beidh a céad chruinniú ag foireann Barroso II an tseachtain seo. San fhoireann tá 27 coimisinéir, duine as gach tír san AE. Bhí 14 acu, an tUachtarán ina measc, san fheidhmeannas deiridh. Cúig bliana a mhaireann a dtéarma.

AE 2020 - straitéis don fhás inbhuanaithe DeutschEnglishfrançais

Treoirlínte beartais don Choimisiún nua DeutschEnglishfrançaisportuguês

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links