Cosán nascleanúna

Is í Kristalina Georgieva Coimisinéir ainmnithe nua na Bulgáire - 22/01/2010

Comhartha a thaispeánann Parlaimint na hEorpa © EU

Éisteacht nua socraithe don 3 Feabhra, agus vótáil parlaiminte faoin gCoimisiún nua an 9 Feabhra.

Chuir an Bhulgáir Kristalina Georgieva ar aghaidh mar a hainmnitheach don chéad Choimisiún eile d'éis do Rumiana Jeleva tarraingt siar ó liosta na n-iarrthóirí. Ainmníodh Georgieva don phost céanna le Jeleva – coimisinéir um ghnóthaí daonnúla. Tá Georgieva fostaithe faoi láthair mar leas-uachtarán ar an mBanc Domhanda.

Ghlac uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso lena hainmiúchán an 21 Eanáir agus shocraigh an Pharlaimint éisteacht do Georgieva an 3 Feabhra.

Fógraíodh tarraingt siar Jeleva an 19 Eanáir, lá a bhí ceaptha mar an lá deiridh d'éisteachtaí deimhniúcháin na n-iarrthóirí. Tháinig sí os comhair choiste forbraíochta na Parlaiminte seachtain roimhe sin.

Is gá formheas na Parlaiminte do na hiarrthóirí. Faoi rialacha an AE, vótálann na FPEanna faoin bhfoireann iomlán, ní faoi iarrthóirí ar leith. Roimhe sin bhí an vótáil sin socraithe don 26 Eanáir. Anois tá sí socraithe don 9 Feabhra.

Liosta na gCoimisinéirí ainmnithe

Treoirlínte beartais don Choimisiún nua DeutschEnglishfrançaisportuguês

Freagairt uachtarán na Parlaiminte ar aistarraingt Bhean Jeleva българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links