Cosán nascleanúna

Coimisinéirí ainmnithe ullamh d'agallaimh jabanna' - 11/01/2010

Comhartha a thaispeánann Parlaimint na hEorpa © EU

Beidh ceisteanna i bParlaimint na hEorpa an 11 go 19 Eanáir dóibh siúd a ainmníodh don Choimisiún nua.

Éilíonn dlí an AE na héisteachtaí chun go mbeadh tionchar ag ionadaithe an phobail - Baill na Parlaiminte Eorpaí - ar bhallraíocht an Choimisiúin.

Tá a gcuid CVanna agus freagraí ar cheistneoir curtha isteach ag an 26 iarrthóir Coimisiúin (ina measc Ard-Ionadaí an AE do ghnóthaí eachtracha). Le linn na n-éisteachtaí poiblí a mhairfidh trí uair an chloig, freagróidh siad ceisteanna ó choistí parlaiminte a dhíreoidh ar réimsí beartais a gcúraimí nua.

Luachálfaidh na FPEanna eolas is inniúlacht na n-iarrthóirí, a dtiomantas don AE, a neamhspleáchas pearsanta is a dtosaíochtaí polaitiúla. Fairis sin, tabharfaidh an Pharlaimint a tuairim faoi dháileadh na gcúraimí is faoin gclár polaitiúil atá á moladh.

Fanfaidh José Manuel Barroso, ar ghlac an Pharlaimint leis cheana féin, don dara téarma mar Uachtarán an Choimisiúin.

Ag seisiún iomlánach an 26 Eanáir, cinnfidh na FPEanna trí vóta tromlaigh an nglacfar leis an gCoimisiún nua tríd síos. Má ghlactar leis, ainmneoidh cinn rialtais an AE an Coimisiún go foirmeálta. Ar feadh tréimhse cúig bliana a bhíonn Coimisinéirí in oifig, agus fanann siad cuntasach don Pharlaimint, a dtig léi éirí as oifig na gCoimisinéirí uile a éileamh.

 

Liosta na gCoimisinéirí ainmnithe

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links