Cosán nascleanúna

Uachtaránacht na Spáinne le díriú ar Chonradh Liospóin - 04/01/2010

Lógó uachtaránacht na Spáinne © eu2010.es

Athbheochan geilleagrach, seasamh domhanda an AE agus cearta na saoránach ar bharr chlár na Spáinne freisin.

Ghlac an Spáinn uachtaránacht rothlach an Aontais Eorpaigh ag tús na bliana, agus Conradh Liospóin mar bharrthosaíocht aici.

Chuaigh an Conradh i bhfeidhm i mí na Nollag, le raon athruithe chun cabhrú leis an AE cinntí a ghlacadh níos éifeachtaí is ról níos tábhachtaí a imirt i ngnóthaí idirnáisiúnta. I measc na n-athruithe tá achóiriú ar an uachtaránacht rothlach chun comhar dlúth a chinntiú le dhá oifig a chuthaigh an Conradh - uachtarán agus ceann gnóthaí eachtracha an AE. Agus í ar an gcéad tír uachtaránachta faoin gConradh, tá deis ag an Spáinn an cúrsa a chinneadh.

Sna sé mhí romhainn, féachfaidh an Spáinn le ról an AE mar imreoir domhanda a neartú, agus í i ndlúthchomhar le huachtarán nua an AE Herman Van Rompuy chun tacú le haontacht na hEorpa ionas go labharfaidh an tAontas d'aonghuth.

Fairis sin, beidh baint ag an Spáinn le haireacht gnóthaí eachtracha agus cór taidhleoireachta (nó "seribhís gníomhaíochta seachtraí") AE a bhunú faoin ardionadaí, Catherine Ashton.

Éilíonn an Conradh go gcomhoibreoidh uachtaránacht an AE go dlúth leis an gcéad dá thír eile uachtaránachta - i gcás na Spáinne, an Bheilg is an Ungáir. Comhchlár 18-mí toradh praiticiúíl an "tríréid uachtaránachtaí" seo.

Agus ráta díofhostaíochta an AE ag 9.3% in 2009 (19.3% sa Spáinn), is ar théarnamh geilleagrach a dhíreofar go daingean. Beidh straitéis nua Eorpach fáis is post agus maoirseacht fheabhsaithe ar an gcóas airgeadais idirnáisiúnta i measc na dtosaíochtaí. Tá faoin Spáinn aire a leith a thabhairt don chomhionannas inscne.

Tacú le hEoraip an phobail an chuid eile de chlár na Spáinne - an tAE a thabhairt níos gaire do Thadhg an Mhargaidh trí achainí na saoránach a thug Conradh Liospóin isteach.

Tá an Spáinn ag súil le dul chun cinn freisin ar thairiseacht fuinnimh, ar athrú na haeráide agus an an inimirce.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links