Cosán nascleanúna

Conradh Liospóin - tús nua don AE - 01/12/2009

Cóip cheangailte de Chonradh Liospóini ar bhratach an AE ©EC

Tinte ealaíne do Chonradh nua an AE sa chathair inar thosaigh gach rud.

Is fada an t-aga a ghlac sé. Ach inniu chuaigh Conradh Liospóin i bhfeidhm faoi dheireadh, maille le hathruithe radacacha institiúideacha d'fhonn an chinnteoireacht a shruthlíniú agus seasamh an AE i ngnóthaí idirnáisiúnta a ardú.

Agus é mar bhunchloch d'Aontas níos daonlathaí, níos éifeachtaí is níos trédhearcaí, is é an Conradh seo an ceann scríbe tar éis na mblianta fada ag tabhairt faoi rialacha inmheánacha an AE a athscríobh - rud ba phráinní fós nuair a tháinig 10 dtír nua isteach in 2004.

"Cuireann Conradh Liospóin na saoránaigh i lár an aonaigh sa tionscadal Eorpach," arsan t-Uachtarán Barroso. "Tá an-áthas orm go bhfuil na hinstitiúidí cearta againn anois chun gníomhú chomh maith le tréimhse cobhsaíochta."

Ceiliúradh an chloch mhíle seo i searmanas in Liospóin, marar síníodh an Conradh dhá bhliain ó shin.

Bá ghá go ndaingneodh gach tír san AE í chun an chairt a thabhairt i bhfeidhm, agus ní fada ó críochnaíodh é sin. I nDeireadh Fómhair, bhí vótálaithe na hÉireann ar ais ag vótáil - agus an t-am seo ghlac siad leis an gconradh. Ansin chuir Uachtarán na Seice deireadh lena fhreasúra, an bac deiridh sáraithe.

Ag ullmhú dóibh don lá mór, tháinig ceannairí an AE le chéile an mhí seo caite chun dhá phost a chruthaigh an Conradh a líonadh. Cheap siad Príomh-Aire na Beilge, Herman Van Rompuy, mar chéad uachtarán lánaimseartha an AE, agus an Coimisinéir Catherine Ashton mar cheannaire an bheartais eachtraigh.

Don Uasal Barroso, ciallaíonn tús an chonartha go dtig leis leanúint lena chuid oibre chun Coimisiún nua a chur le chéile, agus na hainmnithe fógartha aige an tseachtain seo caite. Ar an dul céanna, i gcás an 18 FPE a toghadh i Meitheamh faoi rialacha Chonradh Liospóin, tig leo a suíocháin a thógáil i bParlaimint na hEorpa anois.

Is níl ansin ach an tús.

I measc a lán athruithe eile, athdháileann an Conradh ualuithe vótála idir na ballstáit, ag cur deireadh le cearta crosta i roinnt réimsí. Leathnaíonn sé cumhachtaí an Choimisiúin agus méadaíonn sé baint na Parlaiminte leis an bpróiseas reachtaíochta go mór.

Tabharfaidh próiseas achainí nua deis do na saoránaigh tionchar díreach a imirt ar bheartas an AE. Tá cairt chearta an duine ceangailteach go dlíthiúil anois.

Leasaíonn Liospóin conarthaí na Róimhe agus Maastricht, is tugann creat dlí nua don AE maille le huirlisí chun tabhairt faoi dúshláin i ndomhan is idirnasctha de shíor.

Sracfhéachaint ar an gConradh

Parlaimint na hEorpa agus Conradh Liospóin българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links