Cosán nascleanúna

Barrphoist líonta ag AE - 20/11/2009

Herman Van Rompuy, Príomh-Aire na Sualainne Fredrik Reinfeldt, Uachtarán an Choimisiúin Barroso, Catherine Ashton

Roghnaíonn na ceannairí Eorpacha príomh-aire na Beilge mar chéad uachtarán buan an AE Coimisinéir na trádála Catherine Ashton ón RA a fuair post na ngnóthaí eachtracha.

D'éis dianchaibidlíochta ag cruinniú na Comhairle a rachaidh isteach sna leabhair staire, cinneadh d'aonghuth a bhí ann faoi phríomh-aire na Beilge Herman Van Rompuy agus faoin gCoimisinéir Ashton.

Thréaslaigh an tUachtarán Barroso don bheirt. "Measaim nárbh fhéidir rogha ab fhearr ná an bheirt sin a fháil do cheannaireacht an Aontais Eorpaigh."

Polaiteoir Daonlathach-Críostaí agus eacnamaí gairmiúil is ea an tUasal Van Rompuy, 62, atá ina phríomh-aire ar an mBeilg le beagnach bliain. Dar lena lán, eisean faoi deara cobhsaíocht a thabhairt don tír le linn teannais idir phobail na Fraincise is na Pléimeannaise.

"Níor lorgaíos an post ard seo. Níor chuireas isteach in aon tslí air. Ach ó anocht, is le háitiús a ghlacfaidh mé leis," ar seisean.

I gcomhaontú leis an gCoimisiún Eorpach, d'ainmnigh an Chomhairle Catherine Ashton, 53, mar ard-ionadaí an AE don bheartas gnóthaí eachtracha agus slándála. Is ball de pháirtí Lucht Oibre na Breataine í, is beidh sí ina leas-uachtarán ar an gCoimisiún atá á cheapadh anois.

Conradh Liospóin, ar glacadh leis le déanaí chun ról an AE i ngnóthaí domhanda a mhéadú is chun ceapadh beartas an AE a shruthlíniú, a chruthaigh an dá phost.

Ar feadh 2½ bhliain a bheidh an t-uachtarán nua in oifig. Tiocfaidh an post in ionad na huachtaránachta rothlaí faoina mbíodh tír amháin mar chathaoirleach ar chruinnithe an AE ar feadh sé mhí.

Mar phríomhfhreagrachtaí Van Rompuy beidh cathaoirleacht ar chruinnithe na Comhairle agus an tAE a ionadú ar an stáitse domhanda. Fairis sin, beidh sé mar ionadaí na Comhairle ina caidreamh le hinstitiúidí eile an AE.

Beidh d'údarás ag Catherine Ashton beartas slándála is cosanta a mholadh. Fairis sin, beidh de chúram uirthi líonra taidhleoirí ar fud an domhain a bhunú chun tacú leis an oifig nua.

Dúirt sí gur chuir a hainmniúchán ionadh uirthi. Ní mór don pharlaimint é a dheimhniú fós. "Cúis mhóra onóra is bróid dom gur iarradh orm glacadh leis an ról seo. “

"Cinneoidh mé bheith mar ionadaí ar ár luacha ar fud an domhain."

Cuireann post an ard-ionadaí dhá phunann le chéile: ard-ionadaí don bheartas gnóthaí eachtracha agus slándála agus coimisinéir um ghnóthaí eachtracha.

Beidh na roghnúcháin oifigiúil nuair a thiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig.

 

Fógraíonn Comhairle an AE ceannaireacht nua don Eoraip Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links