Cosán nascleanúna

Iarrtar ar an bpobal cabhrú chun tionscnamh nua na saoránach a dhearadh - 11/11/2009

Cóipeanna sínithe de Chonradh Liospóin ©EC

Ní fada go mbeidh slí nua ag Eorpaigh tabhairt ar an gCoimisiún gníomhú faoi cheisteanna is suim leo. Ach conas a oibreoidh tionscnamh na saoránach go praiticiúil?

Tá “tionscnamh na saoránach” mar cheann d'iliomad athruithe a thabharfaidh Conradh Liospóin isteach, agus a mbeidh feidhm leo i gcionn roinnt seachtainí. Tá faoin tionscnamh an tAontas a dhéanamh níos daonlathaí trí thionchar níos dírí ar bheartais an AE a thabhairt do na saoránaigh.

Tig le saoránaigh an AE an pharlaimint a achainí is vótáil i dtoghcháin pharlaiminteacha cheana féin. Ach níl aon nós imeachta foirmeálta fós chun páirt a ghlacadh go díreach i gcumadh beartas na hearnála feidhmiúcháin san AE - an Coimisiún Eorpach.

Tá roinnt gnéithe de thionscnamh na saoránach le beachtú go fóill, agus tá comhairliúchán poiblí English á sheoladh ag an gCoimisiún chun tuairimí a fháil ó shaoránaigh sular gcríochnófar na socruithe.

Tugann an conradh deis do shaoránaigh iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thabhairt ar aghaidh chun gníomhú i réimsí ina bhfuil cumhachtaí ag an AE. Sainíonn sé nach mór go síneodh ar a laghad milliún saoránach ó líon "suntasach" tíortha an achainí. Ach tá roinnt ceisteanna praiticiúla fágtha ar oscailt aige.

Mar shampla, cé mhéid tír is gá i "líon suntasach"? Cé mhéid síniú nach mór a theacht ó gach ceann de na tíortha? Cad í íos-aois na rannpháirtithe agus cé a sheiceálfaidh na sínithe?

Agus an comhairliúchán poiblí á sheoladh aici, dúirt an Coimisinéir Margot Wallström nach foláir don uirlis nua dhaonlathach seo a bheith "inrochtana, trédhearcach agus soláimhsithe".

Más spéis leat páirt a ghlacadh, tig leat breis eolais a fháil ach an páipéar is déanaí ón gCoimisiún DeutschEnglishfrançais faoin tionscnamh a léamh.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links