Cosán nascleanúna

Na Toghcháin Eorpacha: bainteach le 500 milliún saoránach - 02/06/2009

Póstaer toghcháin © CE

Ó 4 go 7 Meitheamh, cinnfidh 375 milliún saoránach ó 27 tír faoi thodhchaí na hEorpa. Is iomaí foinse eolais atá ann chun cabhrú leo a rogha a dhéanamh.

Beidh tionchar ag na toghcháin Eorpacha, a thionólfar idir an 4 is an 7 Meitheamh, ar chinniúint na 500 milliún saoránach Eorpach ar feadh na gcúig bliana atá romhainn.

Impíonn uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso, ar na saoránaigh teacht amach ina sluaite chun a nguth a nochtadh sna toghcháin seo. Tá fáil ar a theachtaireacht ar a fhís-bhlag DeutschEnglishfrançaisportuguês.

Tá tábhacht ar leith leis na toghcháin, toisc go mbeidh ar an bParlaimint a thoghfar cinntí a dhéanamh faoi nithe ríthábhachtacha amhail soláthar fuinnimh, faoi rialú na margaí airgeadais nó faoi chothromaíocht idir shaol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil.

Tá ról riachtanach ag an bParlaimint chun téacsanna reachtacha a ullmhú agus chun faireachán a dhéanamh ar na forais. Ionadaithe díreacha na saoránach is ea na feisirí.

Is iomaí foinse eolais atá ann chun cabhrú leis na toghthóirí a rogha a dhéanamh: ar shuíomh na Parlaiminte Eorpaí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska tá na hiarrthóirí uile de réir tíre, agus ar shuíomh Europarltv tá mion-fhíseáin a bhaineann leis na feachtais. Thairis sin, scaipeann suíomhanna na líonraí sóisialta a thuilleadh eolais gach lá faoi na toghcháin Eorpacha.

Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh, óna 10.00 a chlog i.n. ar aghaidh, go díreach ó áras na Parlaiminte Eorpaí a fhógrófar na torthaí.

Is cosúil, mar sin, go bhfuil gach rud ullamh ionas gur vóta na saoránach dáiríre a bheidh ann. Tagaigí amach ó 4 go 7 Meitheamh chun an Eoraip a thógáil.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links