Cosán nascleanúna

An vóta a thabhairt amach - 11/05/2009

Tá MTV i gcomhpháirt leis an AE ar fheachtas leis an óige a mhealladh chun vótála.

Deir suirbhé nua gur lú suim na n-óg ná suim a dtuistí i dtoghcháin an Mheithimh do Pharlaimint na hEorpa. B'fhíor sin cheana féin do bhallóid 2004, nuair nár vótáil ach 40% díobhsiúd faoi bhun 25, i gcomparáid le 48% d'iomlán na dtoghthóirí.

Tá sraith fógraí ag MTV chun tacú leis an bhfeachtas ar a líonra idirnáisiúnta 168 cainéal. Taispeánann na fógraí daoine óga is iad ag crochadh callairí ó shainchomharthaí i Londain, i bPáras is sa Róimh. An teachtaireacht? Slí chun go gcloisfí ón óige is ea vótáil.

"Is í an óige todhchaí an Aontais Eorpaigh. Is gá dúinn a gcuid smaointe is a ngníomhaíocht. Is gá gurbh eol dóibh go bhfuil tábhacht lena nguth," arsa leas-uachtarán an Choimisiúin, Margot Wallström. Míníonn sé sin an mana: An gcloiseann tú mé?

Is mó i bhfad cumhachtai Pharlaimint na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska inniu (agus mór-thionchar aici ar chaiteachas, leis) ná nuair a tionóladh na chéad toghcháin i 1979. Ach is ag dul is laghad atá líon na vótóirí - 62% a vótáil sa toghchán tosaigh sin - thar na blianta. Mar chuid de na hiarrachtaí chun an scéal a leigheas, is ar 'rogha' atá béim an fheachtais i mbliana seachas ar 'dhualgas sibhialta', an téama roimhe seo.

Mar chuid den fheachtas tá suíomh gréasáin mar a bhfuil deis ag daoine óga a mianta is a n-idéalacha a chur in iúl - tig leo nithe a chur ar an leathanach freisin trí Twitter.

An 4-7 Meitheamh i ngach ceann de na 27 ballstát a thionólfar na toghcháin i gcomhair 736 ball parlaiminte.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links