Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Agus bliain Eorpach na cruthaitheachta is na nuála faoi lánseoil, tugann maithe is móruaisle rabhadh gan laghdú ar thaighde is ar fhorbairt i dtráth géarchéime.
Is iad tábhacht na cruthaitheachta is na nuála don fhorbairt phearsanta, shóisialta is gheilleagrach is fócas do Bhliain Eorpach
2009.
Ainmníodh grúpa ilchineálach de phearsantachtaí aitheanta mar ambasadóirí
don bhliain is cuireadh dualgas orthu feasacht a ardú. Ina measc tá cóiréagrafaithe rince, ollúna, ealaíontóirí, ailtirí, eolaithe agus príomhfheidhmeannaigh ar ghnóthais mhóra.
Ag a gcruinniú in Eanáir, thug na hambasadóirí rabhadh gur bhotún bunúsach a bheadh ann caiteachas ar thaighde is ar fhorbairt a laghdú i ngeall ar an gcúlú reatha. Sháraigh an Fhionlainn cúlú sna 1990-aidí luatha trí mhéadú ar infheistíocht in T&F is trí chaiteachas ar oideachas a choimeád socair.
Tionólfar sraith sé phlé
faoi ábhair a bhaineann go dlúth le cruthaitheacht is le nuáil sa Bhruiséil i rith na bliana. Phléigh ceann acu le déanaí smaointe chun timpeallacht a chruthú ina mbláthóidh cruthaitheacht is nuáil, agus pléifidh an chéad cheann eile le todhchaí an oideachais san Eoraip.
Ní faoi chaint amháin atá an bhliain Eorpach, ámh. Sa Bhruiséil, osclófar an taispeántas taistil Orbis Pictus
leis an ealaíontóir Seiceach Petr Nikl an tseachtain seo chugainn. Tá faoi cainéal cumarsáide a chruthú a bheidh mar dhroichead idir náisiúntachtaí, aicmí sóisialta is reiligiúin trí uirlísí nua ceoil, a cruthaiodh chuige sin, a úsáid.
Agus tá obair ar siúl cheana féin chun forógra cruthaitheachta is nuála san Eoraip
a chruthú, rud a spreagfaidh breis gníomhaíochta i bhfad thar dheireadh na bliana.