Cosán nascleanúna

Seicigh ag an stiúir - 05/01/2009

Tógann Poblacht na Seice a céad seal mar uachtarán rothlach ar an Aontas Eorpach

D'éis dóibh an uachtaránacht a thógáil an 1 Eanáir, thug na Seicigh aghaidh go tapa ar an gcoinbhleacht i Stráice Gaza, faoi smacht Hamas, a bhí ag dul in olcas. Threoraigh aire gnóthaí eachtracha na Seice misean AE chuig an Meánoirthear češtinaEnglishfrançais chun tabhairt faoi shíocháin a dhéanamh idir Iosrael is Hamas.

Fairis sin chuir rialtas na Seice brú ar an Rúis is ar an Úcráin teacht ar réiteach in aighneas faoi ghás nádúrtha a thosaigh cúpla lá roimh thús na huachtaránachta. Leanfaidh fairtheoireacht an AE ar an gcruachás, a d'fhéadfadh cur isteach ar sholáthar na hEorpa uile.

Tá na Seicigh, a tháinig isteach san AE i 2004, ag tógáil na huachtaránachta češtinaEnglishfrançais 6-mhí ag am nach éasca don Eoraip. Ar na cúraimí is deacra acu beidh maoirsiú ar chur chun feidhme an phacáiste €200bn don spreagadh fioscach lenar ghlac na ceannairí AE faoi uachtaránacht na Fraince sa dara leath de 2008.

I gclár a huachtaránachta, míníonn Poblacht na Seice češtinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsslovenčinaslovenščinasuomisvenska go dtabharfaidh sí aghaidh ar léanta geilleagracha an AE trí chumas iomaíochta a mhéadú agus muinín a neartú i measc na dtomhaltóirí is úinéirí na mionghnóthas.

Tosaíocht eile is ea an beartas fuinnimh, a fheiceann an príomh-aire Mirek Topolánek mar "chothrom a lorg idir éilimh an chomhshaoil agus caomhnú ar chumas iomaíochta is ar chinnteacht fuinnimh san Eoraip". Sna sé mhí romhainn, tá faoin Uasal Topolánek plé leanúnach a spreagadh faoi éagsúlacht na bhfoinsí fuinnimh is faoi líonraí fuinnimh nua.

Beidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa le linn na huachtaránachta. Ní mór do Phoblacht na Seice češtinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsslovenčinaslovenščinasuomisvenska tús a chur le coimisiún nua a ainmniú, a thosóidh ag obair ag an am céanna leis an bparlaimint nua.

Is mian le Poblacht na Seice béim a chur ar an gcaidreamh AE-SAM le linn a huachtaránachta. Dar leis an Uasal Topolánek tá géarghá leis seo don chomhoibriú geilleagrach is do shlándáil na hEorpa.

Tosaíocht eile sa chlár oibre Seiceach is ea na Balcáin Thiar a thabhairt níos gaire don AE - beidh an tír mar óstach ar chruinniú mullaigh AE-Balcáin roimh an samhradh.

"An Eoraip gan bhacainní" is mana don uachtaránacht. Tá súil ag na Seicigh go gcuirfidh díothú na mbacainní ar shaorghluaiseacht earraí, airgid, oibrithe is seirbhísí ar chumas na hEorpa bláthú in ainneoin na hiomaíochta geilleagraí domhanda.

Suíomh gréasáin na huachtaránachta Seicí češtinaEnglishfrançais.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links