Cosán nascleanúna

Réitigh chruthaitheacha - 24/12/2008

Lógó bhliain Eorpach na cruthaitheachta is na nuála © EC

Bliain Eorpach na cruthaitheachta is na nuála is ea 2009.

Gach bliain, roghnaíonn an tAE téama d'fheachtas chun aire a dhíriú ar cheist ar leith. Don chruthaithteacht is don nuáil a bheidh 2009 tiomanta. I rith na bliana, tarlóidh na céadta comhdháil, tionscadal is taispeántas ar fud an hEorpa, a bhfuil fúthu uile feasacht a ardú faoin ngá le réitigh shamhlaíocha ar dhúshláin an lae inniu.

Is fada ó d'aithin an tAE an chruthaitheacht mar eochair don rath i ngeilleagar domhanda Dlúthchuid de phacáise athrú aeráide an Choimisiúin, agus dá chuid iarrachtaí geilleagar an AE a athbheochan ón ísle brí ina bhfuil sé, is ea an chruthaitheacht.

Cé nach dtosóidh bliain na cruthaitheachta is na nuála English go hoifigiúil go dtí 7 Eanáir le comhdháil is le mórthaispeántas i bPrág, tharla imeacht amháin cheana féin - ceolchoirm ar uirlisí ceoil déanta de ghlasraí úra! Níos déanaí sa bhliain, beidh an Bhruiséil mar óstach ar shraith díospóireachtaí faoi conas smaointe dána nua a mhisniú is iad a chur chun tairbhe don tsochaí.

Ar an nuáil thapa a rathaíonn an domhan inniu. Agus an tAE ag bogadh i dtreo geilleagair eolas-bhunaithe, ní mór dó a acmhainn don chruthaitheacht a fhorbairt. Go háirithe, tá ar na hEorpaigh glacadh go fonnmhar le hathruithe is bheith ar oscailt do straitéisí éagsúla.

Tá rol lárnach - agus ceann deacair - ag múinteoirí. Dar leis an gCoimisinéir Oideachais Ján Figeľ, is orthu is mó a thitfidh sé cothrom a aimsiú idir riachtanais thraidisiúnta an oideachais agus an gá chun scileanna "boga" a thabhairt don óige, amhail cumas tionscnaimh.

Cabhróidh an feachtas chun clár an AE a mhúnlú don chomhoibriú idir a chuid ballstát faoi oideachas is faoi chultúr. Beidh tionchar aige, leis, ar réimhsí eile, ar nós an ghnó is na fostaíochta.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links