Cosán nascleanúna

Glacann an Fhrainc a seal mar uachtarán an AE ón tSlóivéin - 03/07/2008

Roinnt Coimisinéirí Eorpacha le François Fillon, Príomh-aire na Fraince

Cruthaíonn diúltú na hÉireann do Chonradh Liospóin dúshlán nua don Fhrainc agus í i bhfeighil an AE

Bhí bratach ghorm an AE ar foluain go hard i bPáras is an Túr Eiffel faoi shoilse i ndathanna an AE an chéad lá d' Uachtaránacht AE na Fraince DeutschEnglishespañolfrançaisitaliano

Bhuail Uachtarán an Choimisiúin José Manuel Barroso le hUachtarán na Fraince Nicolas Sarkozy i bPáras roimh shearmanas ag an Arc de Triomphe.

D'fháiltigh Barroso roimh cheannaireacht na Fraince, is dúirt: "misneach polaitiúil agus oscailteacht na tréithe is mó atá uainn inniu is níl aon easpa díobhsan ar Nicolas Sarkozy.”

Tá faoin bhFrainc díriú ar cheithre phríomhréimse le linn a huachtarántachta ón 1 Iúil, .i. fuinneamh is an téamh domhanda, comhaontú a mhúnlú faoi bheartas imirce, an tslándáil is an troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus an talmhaíocht. 

Ach chruthaigh vóta an Mheithimh in Éirinn i gcoinne Chonradh Liospóin dúshlán nua. Beidh Sarkozy ag taisteal go hÉirinn níos déanaí i mí Iúil chun éisteach go díreach leis na vótóirí.  Ag a gcruinniú mullaigh i Meitheamh, d'aontaigh na ceannairí AE am machnaimh a thabhairt d'Éirinn le súil go bhféadfaí réitigh éagsúla a mheas ag a gcéad chruinniú eile i nDeireadh Fómhair.   

Maidir leis an téamh domhanda, teastaíonn ón bhFrainc a chinntiú gurb é an tAE tiománaí na n-iarrachtaí domhanda, is ba mhaith léi aontú ar phacáiste uaillmhianach éifeachtachta fuinnimh sula mbeidh plé idirnáisiúnta an bhliain seo chugainn faoi íoslaghdú an téimh dhomhanda.   

Teastaíonn bearta ón bhFrainc freisin chun maolú ar thionchar na n-ardphraghsanna ola is gáis, a tharraing agóidí ar fud an AE. 

Tá súil ag an bhFrainc go mbeidh dul chun cinn faoi chomhbheartas Eorpach don inimirce agus tearmann le linn a huachtaránachta.  D'iarr Sarkozy cniogbheartaíocht ar inimirce mhídhleathach, breis rochtana dlíthiúla d'oibrithe le scileanna agus rialú níos éifeachtaí ag teorainneacha seachtracha an AE. 

Ba mhaith le hUachtarán na Fraince go méadófaí cumas an AE freagairt do ghéarchéimeanna slándála laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, le fócas ar leith ar fhórsaí frithghnímh mhear, ar aerárthaigh iompair mhíleata agus ar struchtúir chun géarchéimeanna a bhainistiú. 

Mar cheann de na náisiúin is mó feirmeoireacht san AE, osclóidh an Fhrainc an plé faoi athruithe a moladh ar an gcomhbheartas talmhaíochta danskDeutschελληνικάEnglishfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska  a laghdódh tacaíocht an AE d'fheirmeoirí. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links