Cosán nascleanúna

Lá oscailte an AE – isteach libh! - 04/06/2008

Gníomhaíochtaí do pháistí ag an gCoimisiún Eorpach

Osclóidh forais an AE a ndoirse Dé Sathairn an 7 Meitheamh, le cuireadh le fáil amach cad atá laistiar d'aghaidh an Aontais. 

B'fhéidir nach mian leat ach siúl síos na dorchlaí fada agus taobh istigh na n-ollsheomraí cruinnithe i bhfoirgnimh an AE a fheiceáil.  Nó triail a bhaint as cathaoir an Uachtaráin i seomra cruinnithe an choimisiúin.  Seans gur mhaith leat eolas ar a mbíonn ar siúl ag an bhfoireann ansin dáiríre?  Anois do dheis, más ea.  Tar ar cuairt chuig forais an AE - b'fhéidir go bhfeicfeá nach dlíthe casta is maorlathas ar fad atá iontu. 

Traidisiún a bhfuil gnaoi an phobail air, le mórán gníomhaíochtaí d'óg is d'aosta le 13 bliana anuas, is ea an lá oscailte.  Lárphointe a bheidh i gceanncheathrú an choimisiúin, an foirgneamh Berlaymont, ag croílár an cheantair Eorpaigh sa Bhruiséil.  Bunáit is ea é do na mílte státseirbhíseach Eorpach, 27 coimisinéir – ó gach tír AE.  

Beidh daoine atá ag obair don choimisiún ann chun tú a threorú agus a mhíniú duit cad a dhéanann siad.  Beidh samplaí nithiúla acu dá ndéantar le hairgead AE DeutschEnglishfrançais agus den saghas torthaí a bhaintear amach.

I mbliana a cheiliúrtar cothrom 40 bliain an aontais chustaim DeutschEnglishespañolfrançaisitalianomagyarpolski.  Mar sin, beidh oifigigh chustaim ó mhórán tíortha ar an láthair le imeacht idirghníomhach chun a gcuid oibre ag trasnuithe teorann Eorpacha a mhíniú. 

Lasmuigh den Berlaymont beidh gníomhaíochtaí do pháistí.  Beidh ceol, dathadóireacht aghaidheanna, mion-fheirm le hainmhithe, síobanna i gcarráiste a tharraingeoidh capaill, chomh maith le nua-theicneolaíocht na talmhaíochta danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska á cur i láthair. 

Is é is cuspóir leis an lá oscailte bliantúil breis polaitíochta oscailte DeutschEnglishfrançais a chur chun cinn, trína a thaispeáint do shaoránaigh cad a dhéanann an tAE, cén áit agus conas.  Chomh maith leis an gCoimisiún, beidh forais češtinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsslovenčinaslovenščinasuomisvenska eile sa Bhruiséil ar oscailt freisin.   Óna 10am go dtí 6pm a bheidh na himeachtaí ar siúl.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links