Cosán nascleanúna

Béim ar an éagsúlacht chultúrtha ar lá breithe an AE - 09/05/2008

Lá na  hEorpa á cheiliúradh sa tSicil

Scannáin, ceolchoirmeacha faoin aer, féilte sráide, plé, comórtais - rud éigin do chách ar Lá na hEorpa, 9 Bealtaine.  

Ceiliúrtar Lá na hEorpa gach blian mar chuimhne ar Dhearbhú Schuman  an 9 Bealtaine 1950 – an chéad chéim chun  Aontas Eorpach an lae inniu българскиceštinadanskDeutscheesti keelελληνικEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskportuguêsromânãslovencinaslovenšcinasuomisvenska a chruthú. 

I measc na ngníomhaíochtaí ar fud na hEorpa chun an lá a chiliúradh beidh: ranganna cócaireachta cineálacha nua den ealaín sin a iniúchadh (Málta); scannáin mar “Méid ár bhfuatha dá chéile българскиceštinadanskDeutscheesti keelελληνικEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuviu kalbamagyarMaltiNederlandspolskportuguêsromânãslovencinaslovenšcinasuomisvenska" (an Danmhairg), agus paráidí sráide (an Pholainn). Imeachtaí éagsúla agus an cuspóir céanna acu uile – an chomhthuiscint a chur chun cinn.

Do lucht comórtais, beidh maratón (an Iodáil), comórtas cniotála scarbh (an Eastóin), comórtas deartha cártaí poist (an Fhionlainn), agus comórtas karaoke agus tráth na gceist sna tithe tábhairne (Sasana). 

Beidh gné ghlas ag cuid de na gníomhaíochtaí:  sa Liotuáin tosóidh bád déanta de bhuidéil phlaisteacha úsáidte ar a thuras chun na na Mara Bailte; sa Phortaingéil, pléifidh scoileanna cúrsaí fuinnimh agus an       t-athrú aeráide, agus scrúdóidh Sualainnigh conas is féidir iompraíocht na dtomhaltóirí a dhéanamh níos cairdiúla don chomhshaol. 

Tá súil ag tionscnamh eile de chuid an 9 Bealtaine - Lá na hEorpa sna scoileanna Englishespañolfrançaisitaliano – feasacht na n-óg a ardú faoi iarrachtaí an AE chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links