Cosán nascleanúna

Fás AE – moilliú ach athléimneach   - 28/04/2008

Barrchairt ildaite le colúin d'fhigiúirí

Súil le fás geilleagrach níos moille is le boilsciú níos airde, agus  suaitheadh geilleagrach ag leanúint le fuarú domhanda.

Dar le réamhaisnéis gheilleagrach an Choimisiúin don earrach moilleoidh an fás geilleagrach san AE ó 2.8% i 2007 go 2.0% i 2008 agus 1.8% i 2009. Treocht ar an dul céanna a bheidh sa limistéar euro, ach le ráta fáis beagán níos ísle (1.5% i 2009).

Ba cheart an moilliú fáis seo a mheas i gcomhthéacs an mhoilliú ghníomhaíochta dhomhanda, le cúlú á thuar i SAM, suaiteacht ag leanúint sna margaí airgeadais agus praghsanna earraí ag ardú leo.   Ach ba cheart go seasfadh geilleagar an AE in aghaidh na ngeiteanna eachtracha seo, toisc go bhfuil na bun-nithe folláin

Le méadú tapa na bpraghasanna bia is fuinnimh, meastar go n-ardóidh an boilsciú ar feadh tamaill go 3.6% i mbliana (i gcomparáid le 2.4% i 2007), sula bhfille sé ar 2.4% i 2009. Arís, ba cheart go leanfadh an limistéar euro an patrún seo, ag leibhéal 0.3% níos ísle, ámh.

Aireoidh margadh na fostaíochta an caolú seo, ach tá súil go gcruthófar 3 mhilliún post nua i 2008-09, anuas ar an 7.5 milliún a cruthaíodh i 2006-07.  Níor chóir go sáródh an dífhostaíocht 6.8% san AE i mbliana (7.2% sa limistéar euro).

Tar éis na mblianta den chomhdhlúthú ag rialtais an AE, meastar go n-ardóidh na heasnaimh bhuiséid beagán le linn na tréimhse réamhaisnéise - go 1.2% an OTI san AE agus 1.0% sa limistéar euro (i 2008). Ba cheart go gcobhsódh an t-easnamh arís i 2009, ag glacadh leis nach mbeidh athrú beartais ann.  

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links