Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Comhairliúchán níos leithne faoi cá bhfuil triall na hEorpa – comhphlé chun baint an phobail leis a mhéadú
Tig le cinntí an AE tionchar díreach a imirt ar ár saol laethúil – an claibín a cuireadh ar tháillí fánaíochta ar ghutháin phóca, mar shampla, nó an t-éicea-lipéad Eorpach lena bhláth-shuaitheantas sainiúil.
Is gá do na daoine a thógann a leithéid de chinntí bhur dtuairimí a chloisteáil. Measann Coimisinéir na cumarsáide Margot Wallström gur cheart do bheartais an AE a bheith “ar ancaire go hiomlán sna páirtithe polaitiúla, sna traidisiúin náisiúnta dhaonlathacha agus sa chomhphlé polaitiúil laethúil”. Ba chóir do chách an Eoraip a phlé – i hallaí an bhaile, i dtionóil réigiúnda, i bparlaimintí náisiúnta agus sna fóraim idirlín.
Chun rannpháirtíocht an phobail sa phlé seo a mhéadú, déanfaidh an Coimisiún comh-mhaoiniú ar shraith tionscadal i mbliana agus i rith na bliana seo chugainn, ina measc:
Tógann na tionscadail seo ar an straitéis chumarsáide “plean D” a seoladh i 2005 mar fhreagra ar vótaí "ní hea" na Fraince is na hÍsiltíre sna reifrinn faoi bhunreacht an AE. Sa dá bhliain ina dhiaidh sin d'eagraigh agus chomh-mhaoinigh an Coimisiún sraith tionscadal comhairliúcháin trasteorann. Plean D a neartú san ullmhúchán do na toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2009, sin an smaoineamh atá laistiar de pháipéar beartais “Plé na hEorpa” an lae inniu.