Cosán nascleanúna

Cruinniú mullaigh torthúil an Earraigh - 14/03/2008

Comhairle Eorpach

Tá seoladh an dara timthrialla den straitéis don fhás is don fhostaíocht, agus sraith na mbeart aeráide/fuinnimh, i measc na mórthéamaí sa  Chomhairle Eorpach atá ar siúl sa Bhruiséil an 13 agus 14 Márta. 

Bhí tosú lag ach anois tá torthaí ag teacht ar an straitéis don fhás is don fhostaíocht: laghdaíodh na heasnaimh rialtais 50% ón mbliain 2005, d'ardaigh an fás geilleagrach go 3% i 2007 agus cruthaíodh sé mhilliún go leith post le dhá bhliain anuas.  Mar sin féin, níl faoin Eoraip stopadh ansin:  sheol na cinnirí Eorpacha an dara timthriall den straitéis don fhás is don fhostaíocht Déardaoin an 13 Márta, chun leanúint ar an gconair seo.  

Bhí plé bríomhar idir na Ballstáit faoin athrú aeráide.  Beidh ar an Aontas Eorpach cinntí nithiúla a thógáil anois chun na cuspóirí ar ghlac an Chomhairle Eorpach leo in Earrach na bliana 2007 a bhaint amach.  Shocraigh na taoisigh Eorpacha mar sprioc go laghdófaí astaíochtaí carbóin 20 % faoi 2020.

Tá sé d'aidhm ag sraith na mbeart faoin aeráid is faoin bhfuinneamh, ar ghlac an Coimisiún léi an 23 Eanáir, an sprioc sin a chur i ngníomh.  Chabhródh comhaontú nua idirnáisiúnta ag leanúint ó Phrótacal Kyoto chun dul níos sia fós. 

Bhí cobhsaíocht na margaí airgeadais agus an chaidrimh idirnáisiúnta ar an gclár freisin, go háirithe an moladh faoi Aontas na Meánmhara.  Is cuspóir don tionscnamh sin an comhoibriú idir na Ballstáit Eorpacha agus na tíortha Meánmhara nach baill den Aontas Eorpach iad a neartú.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links