Cosán nascleanúna

Cloisimis uait faoin AE - 29/01/2008

Lógo Phlé na hEorpa

Logáil agus sínigh isteach ar shuíomh nua "Debate Europe" chun do thuairimí a nochtadh agus teagmháil bheo a dhéanamh le coimisinéirí AE

An bhfuil an tAE ag dul sa treo ceart? An ndéanann sé difríocht sna nithe is tábhachtaí?  An bhfuil sé ag cur isteach an iomad ar mhion-rudaí agus ag déanamh faillí ar réimsí eile?  

Cuma cad é do dhearcadh, tig leat síniú isteach is do thuairimí a nochtadh ar an suíomh nua idirghníomhach Debate Europe

Beidh na Coimisinéirí Stavros Dimas English (comhshaol), Andris Piebalgs Englishlatviešu valoda (fuinneamh) agus Margot Wallström English (cumarsáid) agus oibrithe eile ón gCoimisiún ar líne inniu idir 2.00 agus 4.00 i.n. (am na hÉireann) chun an plé a sheoladh agus éisteacht le bhur mbarúlacha.

Chun a chinntiú go leanfar na díospóireachtai go léir agus go mbeidh fíor-mhalartú smaointe idir an tAE agus an mórphobal, beidh ionadaithe ón gCoimisiún páirteach sa phlé seo go rialta. 

Díreoidh an plé inniu ar thrí théama:  todhchaí na hEorpa future of Europe, fuinneamh/athrú aeráide energy danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska /climate change agus comhphlé idirchultúrtha intercultural dialogue. Cuirfidh an ceathrú snáithe ar do chumas aon ábhar eile a bhaineann leis an AE a phlé.  Méadófar ar líon na dtéamaí sna míonna atá romhainn. 

Seoladh suíomh bunaidh "Debate Europe" i 2006 mar chuid de Phlean  D (Comhphlé, Plé, Daonlathas) agus fuair sé thar 1.3m amas – thart ar 2,000 la ló.  Mar aitheantas, bhuaigh sé dámhachtain e-Dhaonlathas na hEorpa do 2006.

Is fusa a úsáidfear an suíomh nua agus is mó a bheidh sé dírithe ar na heochair-réimsí.  Tá dóchas ann go n-athmhúsclóidh sé an plé is go gcabhróidh sé leis an AE sa chomhphlé cuiditheach, ag tabhairt deise don phobal tionchar a imirt ar an slí a thabharfaidh an Eoraip aghaidh ar na dúshláin atá roimpi.   

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links