Cosán nascleanúna

Sábháilteacht bia – daoine agus ainmhithe a chosaint - 13/06/2014

Sméara i gciseáin ar stainnín margaidh © iStockphoto

Threisigh líonra luathrabhaidh sábháilteachta bia an AE lena ról ríthábhachtach in 2013, is é sin táirgí bia contúirteacha a choimeád ó na seilfeanna, agus an chalaois a chomhrac. 

Cuireadh 3,205 cás nua maidir le guaiseacha sláinte i dtáirgí bia faoi bhráid Chóras Mear-Rabhaidh an AE um Bia & Beatha (RASFF) English an AE anuraidh, mar a léiríonn a thuarascáil bhliantúil. Ar na fógraí sin tá sútha talún a bhí ionfhabhtaithe le heipitíteas A agus feoil ina raibh an E.coli an-chontúirteach.

Tugann RASFF 28 tír an AE, chomh maith le roinnt tíortha lasmuigh den Aontas, le chéile, rud a ligeann do na baill faisnéis faoi ghuaiseacha sláinte i mbia agus i mbeatha a chomhroinnt – agus freagairt láithreach a chomhordú ansin.

Ach iad a aithint go tráthúil, is féidir táirgí a bhaint den mhargadh, nó a aisghairm ó thomhaltóirí. Stoptar cuid acu sula gcuirtear ar na seilfeanna iad fiú – mar shampla, táirgí ó lasmuigh den AE a diúltaíodh ag a theorainneacha seachtracha toisc go bhfuil baol ag baint leo.

35 bliain de chosaint

Bhain formhór mór na gcásanna a ardaíodh le bia atá le caitheamh ag an duine (85% de chásanna na bliana 2013), ansin beatha ainmhithe (8%) agus bhain 7% de na cásanna le hábhair a bhíonn i dteagmháil le bia English (pacáistíocht, meaisíní srl.).

Is rialtóirí agus údaráis is mó a bhí ag úsáid córas RAFSS go dtí seo, ach tá suíomh gréasáin nua atá dírithe ar thomhaltóirí English seolta anois. Tá bunachar sonraí inchuardaithe ar fáil ann ina bhfuil na foláirimh sláinte poiblí is déanaí a fuair an córas.

De réir thuarascáil na bliana 2013, tháinig laghdú 9% ar fhógraí i gcomparáid le 2012; ina measc sin bhí laghdú ar na ceadanna thar teorainn isteach a diúltaíodh agus ar na teachtaireachtaí chun críocha faisnéise amháin. Tugann sé seo le fios go bhfuil obair níos éifeachtúla ar siúl ag rialtóirí, agus iad ag díriú ar chásanna tromchúiseacha inar gá gníomhú go tapa.

Calaois bia a chomhrac

Cás na feola capaill a thug scannal don Eoraip ag tús na bliana 2013, leag sé béim ar thábhacht an líonra: bhí faisnéis a fuarthas maidir le feoil a raibh feoil capaill curtha tríd lárnach chun dul chun cinn a dhéanamh sna himscrúduithe agus chun teacht ar fhoinse na calaoise.

Mar sin féin, chaith an scannal solas ar a dheacra atá sé calaois bia a rianú i ré seo na slabhraí soláthair casta domhanda. Leis an gcóras luath-rabhaidh atá ann faoi láthair, faightear leideanna ríthábhachtacha chun rianú siar a dhéanamh ar tháirgí bunaithe ar fhógraí leantacha a bhaineann leis na cásanna a thuairiscítear.

Na chéad chéimeanna eile

uirlis calaoise bia nua ar líne ar fud an AE á cruthú faoi láthair, chun iarrachtaí trasteorann chun calaois a chosc agus comhroinnt sonraí a chomhordú. Déanfaidh sé sin comhlánú ar obair an Líonra Calaoise Bia  ελληνικάfrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdanskEnglishsuomičeštinaeesti keelmagyarespañol a cruthaíodh le déanaí, líonra atá bunaithe ar eiseamláir rathúil RAFSS maidir le faisnéis a chomhroinnt. 

An Córas Mear-rabhaidh um Bia agus Beatha English

Preaseisiúint – sábháilteacht bia: Daoine agus ainmhithe á gcosaint le 35 bliain anuas ελληνικάEnglishitalianočeštinaeesti keelespañolNederlandsportuguêslatviešu valodalietuvių kalbaromânăpolskifrançaisбългарскиhrvatskiDeutschdansksuomimagyarsvenskaslovenčinaMaltislovenščina

Tuarascáil RAFSS – 2013 English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links