Cosán nascleanúna

Feabhas ar shuímh ghréasáin taistil do thomhaltóirí ag an AE - 23/04/2014

Duine agus eitilt á cur in áirithe ar líne aige/aici le cárta creidmheasa © istockphoto.com

Seiceálacha ar shuímh ghréasáin taistil, feabhas mór ar chomhlíonadh chearta na dtomhaltóirí, agus 62% ag cloí le rialacha an AE anois.

Cuireann duine as gach 3 úsáideoir idirlín san AE taisteal agus lóistín in áirithe ar líne anois, agus meastar go méadóidh a líon amach anseo. Chun a chinntiú go gcaitheann suímh ghréasáin taistil le tomhaltóirí mar ba cheart dóibh, eagraíonn an Coimisiún, mar aon leis na hfara údaráis náisiúnta, seiceálacha rialta ar shuímh ghréasáin den sórt sin ar fud na hEorpa.

In 2013 chinn na húdaráis go raibh dlí an AE á shárú ag 382 as 552 suíomh gréasáin taistil. Tugadh 173 suíomh gréasáin cothrom le dáta ó shin agus ceartaíodh iad, tá 209 eile faoi réir imeachtaí leanúnacha agus tá 6 cinn dúnta.

Fadhbanna a aithníodh

Is iad seo a leanas na príomhfhadhbanna a aimsíodh:

  • teip eolas éigeantach faoi chéannacht an trádálaí a sholáthar, go háirithe a sheoladh r-phoist
  • gan aon treoracha soiléire faoi conas gearán a dhéanamh
  • faisnéis mhíthreorach maidir leis an bpraghas deiridh
  • teip praghsanna breise roghnacha a thaispeáint ar bhonn "rogha an ghlactha"

Leanfar le himeachtaí riaracháin nó dlíthiúla le haghaidh na suíomh gréasáin nach bhfuil géilliúil fós. Tá nósanna eile in earnáil an taistil á n-athbhreithniú freisin lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad ann do thomhaltóirí ionas go bhféadfaidh siad roghanna eolasacha a dhéanamh.

Leideanna do thomhaltóirí

  • Bí cinnte go dtabharfaidh an trádálaí ainm, ionad agus seoladh r-phoist, agus nuair is gá sin,sonraí teagmhála na haerlíne iompróra nó an óstáin
  • Féach chuige go bhfuil gach eolas ábhartha agat, e.g. bealach, uainiú, aerlíne agus seoladh an óstáin
  • Seiceáil an praghas deiridh, agus aon táillí breise
  • Déan cóip de théarmaí an chonartha a chló nó a shábháil. Bíodh a fhios agat go mb'fhéidir nach bhféadfaidh tú d'áirithint a chealú saor in aisce - más féidir in aon chor é - ag brath ar bheartas an chealaithe.
  • Cuir scéala faoi aon fhadhbanna láithreach chuig na teagmhalaithe a cuireadh ar fáil.

Má bhíonn tuilleadh cabhrach uait, déan teagmháil le heagraíocht tomhaltóirí nó leis an údarás náisiúnta cuí. Má tá fadhb agat le trádálaí i dtír eile san AE, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad áitiúil Eorpach do Thomhaltóirí češtinadanskDeutschEnglishfrançaisitalianoNederlandspolskiromânăsvenska le haghaidh cúnaimh.

Tá cearta sonracha ag saoránaigh an AE agus iad ag taisteal, mar sin ná déan dearmad féachaint ar an suíomh gréasáin tiomnaithe faoi chearta paisinéirí English, nó íoslódáil an aip English.

Preaseisiúint: Comhlíonadh feabhsaithe le cearta tomhaltóirí ar shuímh ghréasáin taistil българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Ceisteanna & freagraí - Suirbhé ar sheirbhísí taistil българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Torthaí an tsuirbhé áirithinte taistil ar líne English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links