Cosán nascleanúna

Éadaí agus bréagáin ar na táirgí is contúirtí san AE - 26/03/2014

Béirín ina sheasamh taobh le traein bhréige dhaite, liathróidí spóirt agus babóg i mbuicéad buí.

D'eisigh córas luathrabhaidh an AE (RAPEX) an líon is mó de rabhaidh sábháilteachta riamh faoi tháirgí contúirteacha in 2013. Tháinig méadú suntasach freisin an bhliain sin ar an méid táirgí contúirteacha a tháinig ón tSín.

Thug an córas rabhaidh RAPEX 2,364 foláireamh sábháilteachta anuraidh faoi tháirgí neamhbhia. Ina measc bhí folcadáin chorracha do naíonáin, naíchóistí titimeacha, dúigh tatúnna a raibh substaintí tocsaineacha mídhleathacha iontu agus bróga ina raibh ceimceáin ailléirgineacha.

Tá an córas sin i bhfeidhm in 28 Ballstát an AE, agus san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin; fágann sé go mbaintear táirgí contúirteacha ón margadh a luaithe is féidir é nó go n-iarrtar ar na tomhaltóirí iad a thabhairt ar ais.

Bhí an líon rabhadh a eisíodh in 2013 3.8% níos airde ná an bhliain roimhe sin. Tá an Coimisiún den tuairim gur feabhas ar an bpróiseas braiteoireachta agus forfheidhmithe sna húdaráis faireachais náisiúnta is cúis leis an ardú sin, seachas breis táirgí contúirteacha a bheith á scaipeadh ar fud na hEorpa.

Leathscór bliain de chosaint tomhaltóirí

Ó bunaíodh córas RAPEX in 2003, bliain ar eisíodh 200 foláireamh, tá méadú seasta bliain i ndiaidh bliana ar líon na dtáirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin.

Éadaí (25% de na cásanna) agus bréagáin (25%) ba chúis lena leath de na bearta ceartaitheacha a tugadh isteach in 2013, agus ina dhiaidh sin táirgí leictreacha (9%), mótarfheithiclí (7%) agus cosmaidí (4%).

Tocsaineacht cheimiceach, baol tachta, gortaithe, plúchta agus turrainge leictrí na priacail is mó atá ann do thomhaltóirí.

Is as an tSín a tháinig beagnach dhá thrian de na táirgí contúirteachta (64%): sin ardú 6% ó 2012 agus ardú 10% ó 2011. Tá an AE agus an tSín ag obair ar bhonn déthaobhach le go mbeidh tuiscint níos fearr ag táirgeoirí ar chaighdeáin sábháilteachta táirgí.

Tá titim ar líon na dtáirgí contúirteacha de dhéantús na hEorpa a bhraith an córas - ó 27% deich mbliana ó hin go 15% in 2013.

Is san Ungáir (12% de chásanna), sa Ghearmáin agus sa Spáinn (11%), sa Bhulgáir (8%) agus sa Ríocht Aontaithe (6%) a rinneadh an líon is mó fógraí.

Tá an Coimisiún ag iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht a thabhairt isteach le hinrianaitheacht táirgí a fheabhsú. Tá timpeall 10% de na táirgí contúirteacha a dhíoltar san Eoraip faoi láthair nach eol cérbh iad a dtír thionscnaimh ná déantúsóir.

Preaseisiúint - Comóradh deich mbliana RAPEX българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Ceisteanna Coitianta - RAPEX in 2013 English

Ionaid teagmhála náisiúnta RAPEX pdf - 151 KB [151 KB] English (en)

Twitter - Gnóthaí tomhaltóra sa Choimisiún Eorpach

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links