Cosán nascleanúna

De bharr rialacha nua féadfaidh siopaeirí a bheith muiníneach agus rudaí á gceannach acu, is cuma cá háit san AE a bhfuil siad - 23/12/2013

Rud éigin á cheannach ar líne ag duine agus cárta creidmheasa sa lámh aici

A bhuí leis an neartú atá déanta ar chearta tomhaltóirí is mó an chosaint atá ag siopaeirí agus iad a ceannach rudaí san AE, ar líne go háirithe.

Fágfaidh na cearta nua do thomhaltóirí a mbeidh feidhm acu i ngach ceann de 28 mBallstát an AE go mbeidh sé níos sábháilte ag 507 milliún saoránach na hEorpa rudaí a cheannach.

De réir na rialacha nua beidh 14 lá dhéag agat teacht ar mhalairt intinne faoi aon rud a cheannaigh tú, is cuma cé acu ar líne, ar an bhfón, nó tríd an bpost a cheannaigh tú é. Tá feidhm ag an 'ré aithrí' sin ar fud an AE.

Ina cheann sin, caithfidh an díoltóirí do chuid airgid a aisíoc leat – na costais sheachadta san áireamh – laistigh de 14 lá dhéag má chinneann tú nach bhfuil an rud a cheannaigh tú uait. Díoltóirí a bheidh ag iarraidh ar an gceannaitheoir costas an tseachadta fillte a sheasamh, ní mór dóibh é sin a chur in iúl roimh ré.

Tuilleadh trédhearcachta

Lena chois sin, is láidre anois na cearta atá ag tomhaltóirí ceannachán a chur ar ceal i gcás rudaí a cheannaigh siad ó dhíoltóir a tháinig chun an tí chucu nó i gcás rudaí a cheannaigh siad i gceant ar an idirlíon.

A bhuí leis an toirmeasc ar bhoscaí réamhthiceáilte ar leathanaigh ghréasáin, ní tharlóidh sé feasta go gceannóidh daoine rudaí nach bhfuil uathu, árachas taistil, mar shampla, i gcás ticéad eitleáin a cheannach.  Go dtí seo, is minic a bhíodh ar an gceannaitheoir féin na boscaí a dhíthiceáil ar an leathanach gréasáin.

Deireadh le costais faoi cheilt

Beidh ar dhíoltóirí feasta costas iomlán an táirge nó na seirbhíse a léiriú go soiléir. Fágfaidh sin nach mbeidh ar dhaoine costais bhreise ná costais de chineál eile a íoc mura bhfuil siad luaite sula gceannaítear an rud i gceist.

Tá teorainn curtha le formhuirir cártaí creidmheasa, leis. Ciallaíonn sin nach bhfuil sé ceadmhach ag díoltóirí méid is airde ná an fíorchostas a sheasann siad féin a ghearradh ort tríd an modh íocaíochta sin a thairiscint duit.

Tá deireadh tagtha freisin le hiachall a bheith ar dhaoine a bheith ag feitheamh ar feadh i bhfad ar líne theileafóin ardchostais arae de réir na rialacha nua ní bheidh cead ag díoltóirí níos mó ná gnáthphraghas glao teileafóin a ghearradh.

Na cearta nua seo atá ag tomhaltóirí, a comhaontaíodh in 2011, glacfaidh siad ionad ceithre cinn de Threoracha. Bhí go dtí mí na Nollaig 2013 ag tíortha an AE an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí a chur i bhfeidhm ina reachtaíocht náisiúnta.

Ceisteanna Coitianta: Cearta neartaithe do thomhaltóirí

An Togra ón gCoimisiún (2008)

Rialacha maidir le cearta tomhaltóirí (2011) English

An Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí English (en)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links