Cosán nascleanúna

Plean uaillmhianach an AE dírithe ar úsáid málaí plaisteacha a laghdú 80%. - 08/11/2013

Saothar ealaíne, déanta go hiomlán as bruscar plaisteach, deartha chun feasacht a ardú faoi éifeachtúlacht acmhainní

D'fhéadfadh an AE úsáid málaí siopadóireachta plaisteacha aon uaire a laghdú go suntasach sna ceithre bliana amach romhainn, de réir na bpleananna a leag an Coimisiún amach an tseachtain seo.

Faoin togra seo, iarrtar ar thíortha an AE deireadh a chur le húsáid málaí éadroma plaisteacha, ar an mbealach is fearr dar leo féin. I measc na roghanna atá acu tá cáin nó cosc a chur ar úsáid málaí siopadóireachta, nó sprioc náisiúnta a leagan síos d'fhonn an úsáid a laghdú.

Ar an meán, úsáideann gach Eorpach 198 mála plaisteach aon uaire gach bliain; is ionann sin agus mála amháin in aghaidh an lae do gach teaghlach. Ach is mór na difríochtaí idir tíortha éagsúla an AE: úsáidtear ceithre mhála an duine sa Danmhairg agus 466 sa Pholainn, sa Phortaingéil agus sa tSlóvaic.

Iompraíocht tomhaltóirí a athrú

I roinnt mhaith de na tíortha san AE inar tugadh isteach tobhaigh éigeantacha ar úsáid málaí plaisteacha aon uaire, tá titim shuntasach tagtha ar úsáid málaí toisc go mbíonn ar thomhaltóirí íoc as gach mála a úsáideann siad.

Cé nach n-úsáidtear ach uair amháin, agus ar feadh 20 nóiméad nó mar sin amháin, formhór na 100 billiún mála plaisteach a dháileann ollmhargaí agus siopaí eile, tógann sé na céadta bliain orthu díghrádú, agus gach bliain fágtar 8 mbilliún de na málaí sin in aibhneacha agus i lochanna nó caite ar na sráideanna nó ar fud na tuaithe.

Tionchar marfach ar an gcomhshaol

Is minic a ionghabhann ainmhithe mara agus éin mhara na málaí sin a thugann an fharraige léi. Is minic tionchar marfach aige sin ar mhíolta móra, rónta agus faoileáin agus neart cineálacha turtar atá i mbaol cheana féin leis. Sa Mhuir Thuaidh, tá plaisteach aimsithe i mbolg 94% na n-éan. Ar an taobh eile den Eoraip, malaí plaisteacha a bhí in 73% den dramhaíl phlaisteach iomlán a bhailigh trálaeir feadh chósta na Tuscáine.

Tá an AE ag súil go gcabhróidh a phlean leis an dearcadh i leith tomhaltais agus diúscartha dramhaíola a athrú.

Ní bhaineann na tograí nua ach le málaí siopadóireachta éadroma, mar is amhlaidh gur lú seans a dhéanfar iad sin a athchúrsáil nó a athúsáid i gcomparáid le málaí níos láidre.

Freagairt ar iarratais ó airí comhshaoil an AE beart a ghlacadh ar leibhéal an AE iad na tograí seo ón gCoimisiún. Toradh ar chomhairliúcháin fhorleathana phoiblí iad a léirigh go mbeadh tacaíocht ann do thionscnamh ar leibhéal an AE.

Preaseisiúint - Plean chun úsáid málaí plaisteacha a laghdú българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Físeán - Deireadh a chur lenár ndúil i málaí plaisteacha English

Ceisteanna Coitianta English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links