Cosán nascleanúna

Is iad an Chipir agus Lucsamburg is fearr ó thaobh uisce snámha glan - 05/08/2013

Trá sa Chipir © AE

Is uisce atá sách glan chun snámha ann atá ar beagnach gach trá san Eoraip, agus i bhformhór na n-aibhneacha agus na lochanna san Eoraip freisin. Tá feabhas ag teacht ar cháilíocht an uisce i gcónaí.

Má bhíonn tú ar an trá i mbliana beidh suaimhneas intinne agat – is uisce atá sách glan le híoschaighdeáin an AE a shásamh atá ag 95% de na tránna. Maidir le hionaid snámha ar aibhneacha agus lochanna, 91% díobh a shásaíonn na caighdeáin.

Sa tuarascáil is déanaí, tugtar le fios gur tugadh grád "sármhaith" d'fhormhór na n-ionad in 2012 – gan mórán athrú ar an mbliain 2011. Ach gur éirigh le níos mó ionad snámha grád "leordhóthanach" a bhaint amach an bhliain seo.

Tástáil uisce 2012

Tá an t-eolas i dtuarascáil bhliantúil uisce snámha DeutschEnglishfrançais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil bunaithe ar thástálacha a rinneadh ar bhreis is 22 000 ionad snámha ar fud na hEorpa.

Rinneadh tástáil ar thruailleáin agus ar bhactéir chontúirteacha, ar nós E.coli, a d'fhéadfadh teacht as camras nó dramhaíl feirme.

Na tíortha is fearr... agus is measa

Ba iad an Chipir agus Lucsamburg na tíortha a raibh na hionaid snámha uile acu ar chaighdeán "sármhaith" in 2012. Bhí breis agus 90% de na hionaid snámha i Málta, sa Chróit agus sa Ghréig ar chaighdeán "sármhaith".

Ba iad na tíortha ba mheasa nár shásaigh na híoschaighdeáin an Bheilg (13%), an Ísiltír (7%) agus an Ríocht Aontaithe (6%).

Maidir le hÉirinn, as na 136 ionad snámha a tástáladh bhí 66.9% ar chaighdeán "sármhaith", 30.1% ar chaighdeán "maith" nó "leordhóthanach", agus ní raibh ach 4 ionad nár shásaigh na híoschaighdeáin.

Cé gur tháinig feabhas ar an iomlán ar cháilíocht an uisce, teastaíonn ón gCoimisiún agus ón LEE níos mó a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh uiscí uile an AE sábháilte mar uiscí snámha agus mar uiscí óil. Is é a chiallaíonn sin an méid truaillithe ó chamras a laghdú, draenáil uisce ó fheirmeoireacht a fheabhsú agus smacht níos fearr a choinneáil ar dhramhaíl feirme a dhéanann dochar do thránna.

An mbeidh tú ag snámh an bhliain seo?

  • Eolas faoi cháilíocht an uisce snámha i do cheantar féin English

    Seiceáil an grád cáilíochta sula dtéann tú ag snámh

  • An Córas Faisnéise Uisce don Eoraip (WISE) English

    Íoslódáil sonraí agus seiceáil léarscáileanna idirghníomhacha

  • Eolas faoi na siombailí do cháilíocht an uisce snámha English

    Bí ag faire ar na siombailí sin san áit a dtéann tú ag snámh

  • Eye on Earth English

    Tabhair eolas faoin riocht ina bhfuil an t-uisce i do cheantarsa

Tuilleadh eolais faoi cháilíocht an uisce agus faoin gcomhshaol English

Ag taisteal san Eoraip 2012-13 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links