Cosán nascleanúna

Caiteoirí tobac a scor ón tobac - 20/12/2012

© iStockPhoto

Plean nua le cosc a chur ar bhlasanna láidre a cheileann blas an tobac agus ar mhaíteachtaí míthreoracha ar nós 'éadrom' ar phacáistí toitíní.

Is é an tobac an chúis bháis ag beagnach 700 000 duine san Eoraip gach bliain. Sin daonra cathrach ar nós Frankfurt. Bíonn na milliúin eile ag fulaingt ar ghalair a bhaineann leis an tobac, mar shampla ailse, galar cardashoithíoch agus galar riospráide.

Aon bhliain déag ó shin a ritheadh na dlíthe atá i bhfeidhm san AE faoi láthair agus tá siad as dáta. Tá níos mó ar eolas againn anois faoi bhlasanna a úsáidtear sa tobac agus faoin éifeacht dhearfach a bhíonn ag rabhadh sláinte.

Tá táirgí nua ar an margadh, agus tá cur chuige difriúil sna Ballstáit éagsúla maidir le dlíthe monaraíochta, tionscnaimh agus díolacháin. Cosaint bhreise i dtíortha áirithe agus easpa cosanta i dtíortha eile san AE an toradh air sin.

Seo na gnéithe atá luaite i bplean nua an Choimisiúin:

Lipéadú agus pacáistiú – ní mór go mbeadh rabhadh sláinte i bhfoirm pictiúir agus téacs a chlúdaíonn 75% de dhromchla an phacáiste ar phacáistí uile toitíní agus tobac rollta. Beidh eolas breise tugtha ar gach pacáiste go bhfuil breis agus 70 substaint ar cúis le hailse iad le fáil i dtoit tobac.

Comhábhair – cuirfear toirmeasc ar gach cineál toitín, tobac rollta agus tobac gan toit a bhfuil blas láidir iontu a cheileann blas an tobac, agus ar tháirgí a bhfuil tocsaíneacht agus andúileacht as an ngnách ag baint leo.

Tobac gan toit – fanfaidh an toirmeasc ar shnaois Shualannach – cineál snaoise – i bhfeidhm, ach amháin sa tSualainn, áit a bhfuil díolúine i bhfeidhm. Beidh gá rabhadh sláinte a chur ar na táirgí go léir, agus beidh ar na monaróirí na húdaráis a chur ar an eolas sula gcuirtear táirgí nua ar an margadh.

Táirgí a bhfuil nicitín iontu – má tá an leibhéal nicitín faoi bhun tairseach áirithe, beidh gá rabhadh sláinte a chur ar an bpacáistíocht, agus i gcás toitíní luibhe freisin. Má sháraítear an tairseach sin, ní cheadófar na táirgí a dhíol ach amháin más feidhm leigheasach atá leo.

Ceannacháin ar líne – bainfear úsáid as fíorú aoise lena chinntiú nach ndíolfar tobac le páistí ná le déagóirí.

Trádáil neamhdhleathach – bainfear úsáid as córas rianaithe agus lorgaireachta, agus as gnéithe slándála ar nós holagram, lena chinntiú nach ndíolfar san AE ach na táirgí sin a chomhlíonann rialacha an AE.

Tá súil ag an gCoimisiún go gcuirfidh na bearta nua sin beaguchtach agus drochmhisneach ar dhaoine óga tosú ag caitheamh tobac. Faoi láthair, tosaíonn isteach is amach ar 70% de na caiteoirí tobac roimh aois 18 mbliana, agus 94% roimh aois 25 bliain.

Tuilleadh faoi bheartas tobac an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links