Cosán nascleanúna

Cearrbhachas ar líne: an baol a laghdú - 29/10/2012

Díslí agus cárta creidmheasa ar mhéarchlár © iStockphoto

Plean nua gníomhaíochta cearrbhachais chun tomhaltóirí a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar fhógraíocht ráscánta agus ar chluichí a bhíonn á socrú de dheasca geallchuir.

Tá méadú ar an gcearrbhachas ar líne. Mórghnó is ea cluichí mar phócar, mar shampla – fara casinónna, geallchur ar spórt agus crannchuir. Chuir 6.8 milliún Eorpach geall ar líne in 2011, rud a ghin teacht isteach €9.3 billiún do chuideachtaí cearrbhachais ar líne. Meastar go méadóidh an figiúr sin go €13 billiún faoi 2015.

Is iomaí tír AE a thug isteach rialacha le cearrbhaigh a choimeád slán, ach tá córas éagsúil ag gach tír:

  • Chuir an Ghearmáin agus an Ísiltír cosc le cineálacha áirithe cluichí geallchuir ar líne.
  • San Fhionlainn, sa Phortaingéil agus sa tSualainn, oibreoir amháin a reáchtálann seirbhísí cearrbhachais ar líne.
  • Tá an Danmhairg, an Eastóin, an Fhrainc, an Iodáil is an Spáinn tar éis ceadúnais a thabhairt isteach, ionas go bhféadfaidh breis is cuideachta amháin cearrbhachas ar líne a chur ar fáil.

Is é is cuspóir do gach córas a bheith ina chosaint ar chalaois ag tomhaltóirí, agus grúpaí leochaileacha amhail páistí a chosaint.

Ach ní gá go gcosnódh dlíthe a thíre féin an duine a dhéanann cearrbhachas ar líne. Mar shampla, d'fhéadfadh duine éigin sa Ghearmáin geall a chur trí shuíomh gréasáin sa Ríocht Aontaithe.

Sa deireadh, déanfaidh an Coimisiún sraith moltaí do thíortha AE le tabhairt faoi chluichí a bhíonn á socrú de dheasca geallchuir. Cumhdóidh na moltaí malartú faisnéise, iniúchadh ar ghíomhaíochtaí drochamhrasacha, forálacha maidir le coinbhleacht leasanna a bhunú agus beolínte a bhunú le hiompraíocht dhrochamhrasach a thuairisciú.

Tabharfar tionscnaimh an phlean gníomhaíochta isteach ó 2013 ar aghaidh.

Breis eolas faoi dhlíthe cearrbhachais an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links