Cosán nascleanúna

An Chipir, an Chróit, Málta agus an Ghréig ar bharr an liosta - 30/07/2012

Trá sa Ghréig © EU

Is uisce atá sách glan chun snámha atá i bhformhór ionaid snámha chósta agus intíre na hEorpa – feabhas ag teacht ar an gcaighdeán.

Tá an t-eolas i dtuarascáil bhliantúil uisce snámha DeutschEnglishfrançais na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil bunaithe ar thástálacha rialta a rinneadh ar bhreis is 22 000 láthair snámha cósta agus intíre ar fud na hEorpa.

Ó anuraidh, tháinig méadú 3.5% ar líon na láithreacha le huisce ar chaighdeán "sármhaith", agus méadú 1% ar na láithreacha le caighdeán uisce "leordhóthanach". Faoi bhun 2% a bhí líon na láithreacha nár shásaigh íoschaighdeáin an AE.

Seiceáil an caighdeán uisce sula dtéann tú ag snámh

  • Faigh eolas faoin gcaighdeán uisce snámha i do cheantar féin English .
  • Úsáid an Córas Faisnéise Uisce don Eoraip (WISE) English chun sonraí a íoslódáil agus mapaí idirghníomhacha a sheiceáil.
  • Úsáid an suíomh Eye on Earth English chun riocht an uisce i do cheantarsa a thabhairt le fios.
  • Lorg na siombailí cáilíochta uisce snámha English seo a leanas agus tú ag snámh.

Tástáil uisce 2011

Ag láithreacha snámha ar thránna, in aibhneacha agus i lochanna ar fud na hEorpa, déantar tástáil rialta ar thruailleáin agus ar bhactéir chontúirteacha, ar nós E.coli, a d'fhéadfadh a thabhairt le fios go bhfuil séarachas nó dramhaíl feirme san uisce.

Cé gur shásaigh níos mó láithreacha ar an iomlán íoschaighdeáin an AE i gcomparáid le 2012, bhí roinnt tíortha a raibh torthaí thar cionn acu.

Na tíortha is fearr agus is measa

Ba iad an Chipir, an Chróit, Málta agus an Ghréig na tíortha is fearr in 2011 - bhí breis is 90% dá láithreacha snámha ar chaighdeán "sármhaith". Chomhlíon a gcuid láithreacha snámha eile na caighdeáin éigeantacha.

Ba iad an Ísiltír, an Bhulgáir, an Laitvia, Lucsamburg agus an Bheilg na tíortha is measa, agus níor shásaigh ach líon beag láithreacha íoschaighdeáin an AE.

In Éirinn, bhí 83% de na láithreacha a tástáladh "sármhaith", 15.5% ar chaighdeán "maith" nó "leordhóthanach", theip ar láthair snámha amháin agus cuireadh toirmeasc nó bac ar an láthair sin.

Ón mbliain 1990 tá feabhas seasta ag teacht ar an gcaighdeán uisce i láithreacha snámha san AE. Tháinig laghdú 9.2% in 1990 agus 1.5% in 2011 ar líon na n-uiscí cósta nach gcomhlíonann ceanglais an AE. Tháinig laghdú 11.9% i 1990 agus 2.4% in 2011 (an figiúr is lú go dtí seo) ar cheantair intíre nár chomhlíon na ceanglais.

Tuilleadh faoi chaighdeán uisce agus faoin gcomhshaol English

Ag taisteal san Eoraip 2012-13 българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links