Cosán nascleanúna

Treoirphlean ar chosaint neartaithe do thomhaltóirí - 24/05/2012

Croitheadh láimhe os comhair leabhar dlí © istockphoto.com/John Keith

Cur chuige nua cuimsitheach AE ar chosaint na dtomhaltóirí a fheabhsú, thabharfadh sé breis eolais do shiopaeirí is chabhródh leo sásamh a lorg nuair ná héiríonn le díol.

Tá rialacha tomhaltóirí an AE i measc na gceann is treise ar domhan. Tá ait an mhargaidh ag dul i gcastacht, ámh, is táirgí, seirbhísí is taicticí díola ag éirí níos sofaisticiúla.

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá faoin gCoimisiún cur chuige AE níos cuimsithí a fhorbairt chun tomhaltóirí a chosaint.

Is ionann caiteachas na dtomhaltóirí faoi láthair agus leath OTI an AE. Dá mb'fhearr an córas, mhéadófaí muinín na dtomhaltóirí agus neartófaí iomaíochas agus fás geilleagrach. Sa 2 bhliain atá romhainn, dhéanfadh an straitéis chun muinín is fás a neartú DeutschEnglishfrançaisPDF na nithe seo a leanas:

  • sábhailteacht na dtomhaltóirí a fheabhsú trí dhlíthe neartaithe agus faireachán níos éifeachtúla ar an margadh
  • an fhaisnéis atá ar fáil do shiopaeirí a mhéadú , amhail costas fírinneach chreidmheas na dtomhaltóirí nó an áit cheart le gearán
  • forfheidhmiú a neartú agus próiseas an tsásaimh, nuair ná héiríonn le díol, a láidriú
  • cearta na dtomhaltóirí a ailíniú le hathruithe sa tsochaí – mar shampla, dlíthe a oiriúnú don aois dhigiteach, le haire ar riachtanais na dtomhaltóirí leochaileacha, agus roghnú earraí is seirbhísí inbhuanaithe a éascú.

Díreoidh an straitéis ar bhreis cosanta is sábháilteachta do thomhaltóirí a cheannaíonn bia, a thaistealaíonn, a roghnaíonn soláthraí fuinnimh, a bhainistíonn airgeadas nó a cheannaíonn ar líne.

Cheana féin mhol an Coimisiún 16 bheart don r-thráchtáil is do sheirbhísí ar líne DeutschEnglishfrançaisPDF chun miondíol ar líne a dhúbailt faoi 2015 – folaíonn siad cosaint fheabhsaithe do thomhaltóirí, breis eolais agus raon na seirbhísí a leathnú.

Aighnis chonartha a réiteach

Rinneadhtograí English anuraidh chun slite seach-chúirte a thabhairt chun aighnis le trádálaithe a réiteach. Thabharfadh na bearta cúlárach do gach tomhaltóir ar Réiteach Malartach Aighneas (ADR) – mar a molann tríú páirtí neodrach réiteach nó mar a ndéanann sé eadrán idir custaiméir is trádálaí.

Aighnis ar líne a réiteach

Siopaeirí ar líne a cheannaíonn rud éigin ó thír eile san AE, bheadh cúlárach acu ar Réiteach Aighneas ar Líne (ODR), próiseas atá cosúil le hADR ach a dhéantar go hiomlán ar líne.

Chomhlánódh na réitigh sin an chabhair a thugann an AE faoi láthair do thomhaltóirí chun aighnis thrasteorann le trádálaithe a réiteach. Mar shampla, is féidir leo an Nós Imeachta Mionéileamh Eorpach a úsáid, rud a chuireann luas le dlíthíocht, is a laghdaíonn na costais, d'éilimh ar lú ná €2000 iad. Ó 2013 amach, beidh tomhaltóirí in ann na foirmeacha mionéileamh a líonadh ar líne ag tairseach an r-Cheartais, rud a laghdóidh am is dua.

Clár Eorpach na dTomhaltóirí - breis eolais English

Tomhaltóirí agus an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Faigh cabhair ó Líonra Eorpach na Lárionad do Thomhaltóirí češtinadanskDeutschEnglishfrançaisitalianoNederlandspolskiRomânasvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links