Cosán nascleanúna

Cur i bhfeidhm dhlíthe comhshaoil an AE a fheabhsú - 13/03/2012

Duilleoga ar snámh ar uisce i gciorcal a chuireann réaltaí bhratach an AE i gcuimhne © AE

An Coimisiún ag meas slite le cabhrú le tíortha an tairbhe sláinte is gheilleagrach a eascraíonn as dlíthe comhshaoil an AE a chur i bhfeidhm go hiomlán a thuiscint.

Cailltear thart ar €50 billiún sa bhliain toisc go dteipeann ar rialtais dlíthe comhshaoil an AE a chur i bhfeidhm go hiomlán, de dheasca na gcostas dár sláinte agus chun an comhshaol a ghlanadh.

Má chuirtear dlíthe an AE i bhfeidhm go comhsheasmhach, beidh comhshaol níos glaine inbhuanaithe againn - agus is fearrde a bheidh ár sláinte agus an geilleagar. Mar shampla, dá gcuirfí dlí an AE ar dhramhaíl i bhfeidhm go dian, chruthófaí 400 000 post agus choigleofaí €72 billiún (i gcomparáid le gan na dlíthe a chur i bhfeidhm).

Mar chéad chéim, d'iarr an Coimisiún a dtuairimí ar na rialtais náisiúnta is ar Pharlaimint na hEorpa faoin tslí chun tairbhe na mbeart comhshaoil AE a sheachadadh níos fearr English . Beidh tionchar ag a bhfreagraí ar shaintograí, a bhfuil súil leo níos déanaí i mbliana.

Sna tograí tabharfar aghaidh ar an ngá le breis faisnéise a bhailiú faoin tslí a oibrionn dlíthe an AE go praiticiúil is le luas a chur le freagairt na rialtas ar fhadhbanna comhshaoil. Orthusan, is dócha go mbeidh:

  • méid na faisnéise comhshaoil ar líne a mhéadú - go háirithe faoin tslí a bhfuil dlíthe á gcur i bhfeidhm go háitiúil
  • cigireacht is faireachán a fheabhsú lena chinntiú go gcuirtear dlíthe i bhfeidhm i gceart
  • gearán faoi fhadhbanna comhshaoil le húdaráis náisiúnta a éascú
  • comh-chur chuige ar dhúshláin chomhshaoil i gcúirteanna náisiúnta a fhorbairt - chun leasa na ndaoine, na n-údarás agus an ghnó
  • cabhrú le rialtais an AE a n-acmhainní a dhíriú ar fhadhbanna comhshaoil.

I suirbhé le déanai ar dhearcadh shaoránaigh na hEorpa ar an gcomhshaol English , dúirt 3 as 4 go raibh tionchar ar mhianach a saoil ag staid an chomhshaoil.

Fóram Uisce an Domhain

An tseachtain seo tá an Coimisiún ag léiriú a thuairimí ar cheisteanna uisce ag Fóram Uisce an Domhain Englishfrançais i Marseille na Fraince. San Fhóram – a thionóltar gach 3 bliana – cabhraítear le daoine rochtain ar uisce glan a chomhordú is acmhainní uisce a chosaint.

Ó 2004, chabhraigh tacú an AE le 32 milliún duine rochtain ar uisce glan a fháil is chuir leithris ar fáil do 9.5 milliún.

Dlíthe cosanta comhshaoil an AE - achoimre

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links