Cosán nascleanúna

Conradh díola caighdeánach Eorpach le siopadóireacht thrasteorann a éascú - 14/10/2011

Dhá lámh ar tí croitheadh, is ceann acu ag teacht amach as scáileán ríomhaire glúine © iStock/Brian Jackson

Sraith comhrialacha roghnacha a d'éascódh trádáil thrasteorann is a d'ísleodh costais do chuideachtaí fad is a thabharfaih sí breis rogha is cosanta do thomhaltóirí.

Le 20 bliain anuas is iomaí tairbhe a thug margadh lánpháirtithe na hEorpa, idir tháillí eitleán íslithe is costais laghdaithe fánaíochta ar fhóin phóca. Tá bacainní ar thrádáil thrasteorann ann fós, ámh – amhail na difríochtaí idir dhlíthe náisiúnta díola ar fud an AE.

Próiseas casta costasach chun plé leis na difríochtaí sin, is é faoi deara go gcailleann trádálaithe €26bn i ndíolachán gach bliain.

An conradh díola Eorpach atá beartaithe DeutschEnglishfrançais , ghlanfadh sé an bac sin as bealach, rud a d'éascódh an trádáil thrasteorann is a thabharfadh breis rogha, prashsanna íslithe do thomhaltóirí agus an t-ard leibhéal céanna cosanta dá gcearta ar fud na mballstát AE ar fad.

Custaiméirí a fuair táirge lochtach, mar shampla, bheadh rogha réiteach acu. D'fhéadfaidís deireadh a chur leis an gconradh is a gcuid airgid a fháil ar ais, nó tárige nua, deisiú nó laghdú airgid a fháil.

Bheadh na réitigh sin ar fáil do thomhaltóirí a d'íoslódáil (ar tháille) ceol, scannáin, bogearraí is táirgí digiteacha eile ón Idirlíon.

Faoi láthair, deir 44% d'Eorpaigh English ná ceannaíonn siad thar lear toisc go mbíonn siad neamhchinnte faoina gcearta.

Trádáil a spreagadh

Ní thiocfaidh na rialacha nua in ionad dlíthe náisiúnta - ach is féidir le tíortha a roghnú go mbeidh siad i bhfeidhm go náisiúnta. Ní dhéanfaidís ach a cheadú do thrádálaithe conradh díola roghnach a thairiscint agus iad ag díol i dtír eile san AE. Ní bheadh an conradh i bhfeidhm ach amháin dá dtairgfeadh an díoltóir é is dá n-aontódh an tomhaltóir.

Díoltóirí a thairgfeadh an comhchonradh díola, thairbheoidís ná beadh orthu plé le hilchórais náisiúnta a thuilleadh, rud a d'ísleodh a gcuid costas.

Faoi láthair, cuideachtaí a bhfuil fúthu díol thar teorainn san AE, bíonn orthu oiriúnú do suas le 26 dlí conartha éagsúil, iad a aistriú agus dlíodóirí a fhostú, rud a chosnaíonn €10 000 do gach margadh, ar an meán. Cosnaíonn oiriúnú a gcuid suíomh gréasáin €3 000 ar an meán orthu.

Thaispeáin suirbhé Englishfrançais go ndeir 71% na nEorpach go n-úsáidfidís an conradh aonair Eorpach do gach díol le tomhaltóirí i dtíortha eile san AE – dá mbeadh sé ar fáil.

Na chéad chéimeanna eile

Is gá formheas na dtíortha AE agus Pharlaimint na hEorpa don togra, ach léirigh an Pharlaimint a tacaíocht i vóta níos luaithe i mbliana.

Breis faoi dhlí conartha

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links