Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Tá an t-uisce sách glan le snámh ann i mbeagnach gach láithreán snámha san Eoraip, bídís ar chósta nó intíre, d'ainneoin titim bheag sa mhianach.
Ar an tslí chun na trá an samhradh seo?
Bíodh suaimhneas agat óir shroich 92% na dtránna agus 90% na n-aibhneacha is na lochanna san AE íoschaighdeáin na glaineachta.
Is ó thuarascáil uiscí snámha ![]()
na Gníomhaireachta Eorpaí um Chomhshaol na torthaí - a bunaíodh ar shamplaí rialta a tógadh ó bhreis is 21 000 láithreán snámha cóstach agus intíre fud fad na hEorpa.
Fonn ort mianach an uisce a sheiceáil san áit snámha is ansa leat?
Tástáil uisce 2010
Tástáladh breis is 21 000 láithreán snámha cóstach agus intíre fud fad na hEorpa go rialta chun teach ar thruailleáin dhíobhálacha agus ar bhaictéir, amhail E. coli.
Cé gur lú líon na láithreán a shroich íoschaighdeáin an AE i gcomparáid le 2009, bhí torthaí eisceachtúla ag roinnt tíortha.
Na tíortha is fearr
Ar na tíortha ab fhearr in 2010 bhí an Chipir, mar a raibh 100% de na láithreáin go sármhaith, an Chróit (97.3%), Málta (95.4%) agus Éire (90.1%).
In Éirinn, bhí 90.1% de na láithreáin go sármhaith (81.7% sa Ríocht Aontaithe).
D'iarr an Ghníomhaireacht Eorpach um Chomhshaol ar thíortha an AE níos mó a dhéanamh chun mianach an uisce ar fud na hEorpa a fheabhsú.
Faigh eolas faoi mhianach an uisce snámha i do cheantarsa