Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Cabhraíonn teicneolaíochtaí cumarsáide is faisnéise le soláthróirí cúraim sláinte an AE, séirbhísí níos fearr agus níos éifeachtaí a sholáthar dá othair - agus costais a laghdú.
I measc na ndúshlán is mó ata os comhair sheirbhísí sláinte an AE tá daonra atá ag dul in aois, ciorruithe buiséid, costais ag ardú agus ganntanas foirne.
Le dul i ngleic leis seo, tá an Coimisiún ag spreagadh rialtais an AE tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC).
Cabhraíonn an t-idirlíon, líonraí sonraí slána, gléasanna gan sreang agus seirbhísí eolais ar líne le dochtúirí, le haltraí agus le hospidéil cúram níos fearr agus níos éifeachtaí a thabhairt d'othair - agus costais a laghdú ag an am céanna.
Mór-bhuntáistí
Tá cuid de na hiarratias TFC is ráthútha á dtaispeáint an tseachtain seo i mBúdaipeist san Ungáir, mar chuid deSheachtain r-Shláinte 2011
an AE.
Mar shampla, soláthraíonn líonra sonraí chúraim sláinte na Danmhairge cumarsáid tapaidh agus éifeachtach idir na hothair, na dochúirí agus na oibrithe cúraim shóisialta. Is é toradh na séirbhísí sruthlíneacha seo ná coigilteas carntha €1.4bn.
Sa RA, chabhraigh seirbhís ar líne agus líne chabhrach gutháin chun coinní dochtúra nach gá a laghdú 2.4 milliún agus chun turasanna otharchairr is cuairteanna ar sheomraí éigeandála a laghdú 1.2 milliún in 2008.
I réigiún Lombardy na hIodáile, thug an teileachairdeolaíocht - a chuireann ar chumas na gcairdeolaithe othair a bhfuil fadhbanna croí acu a rochtain ó chéin - thug sé laghdú 36% sna daoine a tugadh isteach san ospidéal agus laghdú 12% i gcuairteanna ar ospidéal gan fanacht thar oíche.
Ag freastal ar othair
Ceadaionn TFC do dhochtúirí teacht ar thaifid leighis na n-othar ar bhonn atá níos éasca, teacht ar thorthaí tástála saotharlainne níos tapúla agus oidis a sheoladh díreach chuig cógaiseoirí.
Léirigh staidéar a rinneadh san Ísiltír, sa Ríocht Aontaithe agus sa Ghearmáin agus a mhaoinigh an AE, go bhféafadh teilea-fhaireachán sa bhaile rátaí marthanais othar a ardú 15% agus laghdú 26% a dhéanamh ar líon na laethanta a chaitheann othair san ospidéal.
Clár Oibre Digiteach
Faoi láthair tá an Coimisiúin ag forbairt bearta spriocdhírithe atá dírithe ar ghlacadh forleathan le TFC ar fud na hEorpa. Tá comhairliúchán poilbí
faoin tslí is fearr chun dul ar aghaidh ar siúl go dtí an 25 Bealtaine.
Beidh tionchar ag na tuairimí ar mholtaí don tréimhse 2012-2020 a bhfuil faoin gCoimisiún a thíolacadh i mbliana. Cuid de chlár oibre digiteach
agus de bheartais aontas na nuala
an AE is ea teicneolaíocht na faisnéise a chur chun cinn sna seirbhísí sláinte.