Cosán nascleanúna

Criogbheartaíocht ar dhíol ar líne chun tomhaltóirí a chosaint - 16/09/2010

Lámha fir ag scríobh ar mhéarchlár ríomhaire, le 2 bhlúire páipéir freisin. © iStockphoto.com/webphotographeer

Comhallann formhór na suíomh gréasáin d'earraí leictreonacha san AE na rialacha chun tomhaltóirí a chostaint, ach ní hamhlaidh do 59% na suíomh a dhíolann ticéid.

Cniogbheartaíocht ar shuímh ar líne a dhíolann earraí leictreonacha, thug sí ar a bhformhór rialacha cosanta tomhaltóirí an AE a chomhall, a d'fhógair an Coimisiún inniu.

Anuraidh, ba léir ó sheiceáil ar shuímh d'earraí leictreonacha English ná raibh ach 44% acu ag comhall rialacha an AE. Fuair seiceáil athleanúna le déanaí go gcomhallann 84% acu na rialacha anois, arsa Coimisinéir na dTomhaltóirí John Dalli. Tá gníomhú forfheidhmiúcháin ar siúl ar an gcuid eile.

"Is léir ó thorthaí an lae inniú go bhfuil ag éirí le seiceálacha," dar le Dalli.

I measc na bhfadhbanna a fuarthas anuraidh ar shuímh a raibh ceamaraí digiteacha is seinnteoirí ceoil phearsanta á ndíol acu bhí eolas míthreorach faoi chearta tomhaltóirí, praghasanna iomlána is faoi conas dul i dteagmháil leis an trádálaí.

I mbliana tá an AE ag díriú ar lucht díolta ticéad ar líne d'imeachta cultúir is spóirt. De réir na seiceála atá ar siúl, tá 59% ag sárú rialacha tomhaltóirí.

Go dtí seo sheiceáil an Coimisiún 410 suíomh, is bhí 41% de réir na rialacha. Tá an 244 eile á gcur faoi bhráid na n-údarás náisiúnta do ghníomhú forfheidhmiúcháin. Nochtadh an phraghais agus téarmaí is coinníollacha míchothroma, sin iad na príomhfhadhbanna.

Ba cheart do thomhaltóirí bheith ar a n-aire faoi phraghsanna ticéad (74% na suíomh fabhbach), téarmaí is coinníollacha míchothroma (73%), agus eolas easnamhach, ar iarraidh nó mithreorach faoin trádálaí (48%).

Ach suímh fhadhbacha a aithint, d'eagraigh na húdaráis seiceálacha comhordaithe, comhuaineacha chun sáruithe ar dhlí na dtomhaltóirí a aimsiú in earnáil ar leith. Déanann siad teagmháil le hoibritheoirí suíomh faoi dhrochamhras faoi mhírialtachtaí is gníomhaíonn siad chun a leithéid a cheartú.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links