Cosán nascleanúna

Teorainn ar tháillí fánaíochta do chustaiméirí fón póca - 30/06/2010

Cartún d'fhón póca á ghrianadh féin ar an trá ©EU

Cabhróidh riail nua AE le húsáideoirí fón chun ollbhillí scimeála idirlín is íoslódálacha thar lear a sheachaint.

Ó Iúil ar aghaidh, beidh ar chuideachtaí fón póca Eorpacha seirbhís na gcustaiméirí a ghearradh nuair a shroicheann an táille fánaíochta mhíosúil €50, mura nglacann siad go sonrách leis na táillí breise.

Agus titfidh an t-uastáille a dtig le cuideachta fóin amháin a ghearrradh ar cheann eile as sonraí a íoslódáil nó a uaslódáil ó €1 go €0.80 in aghaidh an mheigibhirt.

Díreach in am don samhradh, cabhróidh na teorainneacha le lucht saoire ollbhillí as brabhsáil ar an ngréasáin, r-phoist agus feidhmeanna eile agus iad i dtír eile AE a sheachaint.

Tháinig na teorainneacha nua tar éis gur glacadh le riail nua AE i Márta a cheadaigh do chustaiméirí uastáille mhíosúil (€50 trí réamhshocrú) as fánaíocht sonraí a roghnú. Tá ar sholáthróirí rabhadh a thabhairt do chustaiméirí is iad gar don teorainn agus a gcead a fháil chun í a ardú.

Buntáiste eile do chustaiméirí, titfidh uastáille ghlao ó thar lear ó €0.43 go €0.39 sa nóiméad in Iúil. Tairbheoidh úsáideoirí fón póca as teorainn níos ísle ar tháillí ar ghlaonna a fuarthas - €0.15 in ionad an €0.19 reatha.

Is ní bheidh cead feasta ag oibritheoirí táille a ghearradh ar chustaiméirí as glórphost a fháil agus iad thar lear san AE.

Tá gach praghas gan CBL.

Chuir an AE teorainn le glaonna fón póca thar teorainn English in 2007 nuair ba léir go raibh siad ar an meán ceithre huaire níos daoire ná glaonna baile. Ó shin i leith, thit táillí na nglaonna thar lear 70% i gcomparáid le táillí 2005. Leathnaíodh na teorainneacha anuraidh go teachtaireachtaí téacs is do sheirbhís sonraí soghluaiste.

Níos luaithe i Meitheamh, chaill ceithre chuideachta telecom ina n-iarracht chun na teorainneacha a chealú. Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach na teorainneacha táillí chun leasa na gcustaiméirí is chun an margadh inmheánach a fheabhsú.

Sonraí fánaíochta agus teachtaireachtaí téacs san Eoraip English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links