Cosán nascleanúna

Laghduithe iascaigh in 2011 ag teastáil ón AE - 18/05/2010

Lógó do Lá muirí na hEorpa ©EU

Tá faoin gCoimisiún inbhuanaitheacht a chothromú le cobhsaíocht agus teorainneacha gabhála na bliana seo chugainn á socrú.

Tá cainteanna foirmeálta oscailte ag an gCoimisiún faoi chuótaí iascaigh 2011 le tuarascáil faoina thosaíochtaí chun teorainneacha gabhála a mholadh.

Tacaíonn an Coimisinéir Maria Damanaki English le modh níos déine, agus imní ann gur ró-ard na leibhéil iascaigh reatha chun na stoic a chothú. "Ba mhaith liom a bheith soiléir nach mór do na cuótaí a shocrófar tiomantais uile an Aontais Eorpaigh don inbhuanaitheacht a urramú," ar sise.

Deir an tuarascáil go bhfuil faoin AE aon athruithe cuóta nach gá a sheachaint freisin.

D'aontaigh tíortha an AE in 2002 filleadh ar bhaisceanna inbhuanaithe faoi 2015. Ach tá ró-iascach ar siúl fór ar thart ar 90% de na stoic. Tá tíortha iascaigh fós ag breith ar 34% sa bhreis ar an méid is inbhuanaithe, dar le heolaithe.

Gach bliain socraíonn airí iascaigh an AE teorainneacha gabhála don Mhuir Bhailt, don Mhuir Dhubh is don Atlantach Thoir-Thuaidh, lena n-áirítear an Mhuir Thuaidh. Bunaítear moltaí an Choimisiúin ar chomhairle eolaíoch faoi staid na stoc lena mbaineann.

Tagann an tuarascáil san aon-am le seoladh píolótach atlais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar líne a thugann mioneolas faoi mhara is faoi aigéin na hEorpa. Fairis sin an tseachtain seo, tá cathair Spáinneach Gijon mar óstach ar chomhdháil ard-leibhéil faoi ghnóthaí muirí. Tá an cruinniú an 18-21 Bealtaine ar cheann de thart ar 40 ócáid a eagraíodh ar fud na hEorpa chun lá muirí na hEorpa Englishespañol a cheiliúradh.

San AE tá thart ar 70 000 km cósta a roinntear idir 22 tír. Tá cónaí ar thart ar 40% den daonra - timpeall 200m duine - i réigiúin cois na mara, a ghineann 40% d'olltáirge intíre an AE trí iascach is trí ghníomhaíochtaí mar oibríochtaí ag calafoirt, loingseoireacht agus turasóireacht.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links