Cosán nascleanúna

Nuashonrú faoi shábháilteacht táirgí - 15/04/2010

Bréagáin bhaolacha, b'fhéidir © EU

Tairbhe do thomhaltóirí ó bhreis úsáide ar chóras rabhaidh Eorpach faoi shábháilteacht táirgí is ó fhaireachas margaí níos éifeachtaí

D'úsáid tíortha Eorpacha an córas chun rabhadh a thabhairt dá chéile faoi 1993 táirge guaiseach anuraidh, 7% sa bhreis ar 2008.

Astusan, measadh gur bhagairt thromchúiseach ar thomhaltóirí, ar an gcomhshaol nó ar shlándáil phoiblí ab ea 1699 táirge. Thart ar 20% den iomlán a tháinig ón Eoraip agus deineadh 60 % acu sa tSín.

As roinnt tosca a thagann an méadú, ó 1866 in 2008, ina measc feasacht mhéadaithe faoi chaighdeáin sábháilteachta táirgí, rialálacha níos minice is níos éifeachtaí ar tháirgí agus breis comhair idir thíortha.

Cuireann tíortha in iúl do RAPEX na bearta a ghlac siad chun margaíocht táirge a chosc nó a shrianadh má mheastar é a bheith baolach, mar shamplá tríd an díol a thoirmeasc, an táirge a aisghairm nó tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na priacail.

Le bréagáin a bhain 28% na bhfógraí, de réir thuarascáil 2009 an AE faoin gcóras mearbhiorda (RAPEX) English . Sna cinn is contúirtí, go háirithe do pháistí óga, tá bréagáin le codanna beaga inscaoilte agus miotail throma nimhiúla.

In 2009, d'iniúch feidhmeannaigh fhaireachais margaí ó 13 thír Eorpacha 14,000 bréagán ar ghéilliúlacht do chaighdeáin shábháilteachta an AE faoi chodanna beaga is faoi mhiotail throma. Cuireadh chun saotharlainne do bhreis scrúdain iadsan a raibh drochamhras fúthu.

As an 576 a tástáladh do chodanna beaga, fuarthas 200 (35%) a bheith guaiseach. B'fhearr toradh na tástála d'inneachar trom-mhiotail - níor theip ach ar 17 as 227 sampla - 7.5% - cloí leis na teorainneacha dlí.

Tríocha tír - 27 ball an AE maille leis an Íoslainn, Lichtinstéin is an Iorua - a úsáideann RAPEX chun insint dá chéile faoi tháirgí baolacha. Clúdaíonn an córas gach táirge seachas bia, cógais agus fearais leighis.

Tháinig méadú faoi cheathair ar líon na bhfógaí ó seoladh RAPEX in 2004.

Breis faoi ghnóthaí tomhaltóirí българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links